An difríocht idir athruithe ar: "Martin Luther"

Content deleted Content added
m Robot: sv:Martin Luther is a good article; athruithe cosmaideacha
Replaced content with "ha u mad?"
Líne 1:
ha u mad?
{{Bosca Sonraí Duine
| ainm = Martin Luther
| íomhá = Martin Luther by Lucas Cranach der Ältere.jpeg{{!}}200px
| ceannteideal = Martin Luther, le Sean-Lúcás Cranach
| dáta_breithe = [[10 Samhain]] [[1483]]
| áit_bhreithe = Eisleben
| dáta_báis = [[18 Feabhra]] [[1546]]
| áit_bháis = Eisleben
| céile = Katharina von Bora
| síniú = Martin Luther Signature.svg
}}
 
B'é '''Máirtín Liútar''' ([[Gearmáinis]]: ''Martin Luther'' nó ''Martin Luder'', [[Laidin]]: ''Martinus Lutherus''. [[10 Samhain]] [[1483]] - [[18 Feabhra]] [[1546]]) a chuir tús leis an [[Athleasú Creidimh]] sa bhliain [[1530]], nuair a ghreamaigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór de dhoras na hArd-Eaglaise i [[Wittenberg]] na [[An Ghearmáin|Gearmáine]]. B'eisean athair an Reifirméisin sa Ghearmáin agus ar an domhan go léir.
 
== Óige Mhairtín Liútair ==
 
Tháinig Máirtín Liútar chun saoil in [[Eisleben]] ar an 10 lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1483. B'é Hans Luder a athair, agus Margaretha Lindemann a bhí ar a mháthair. Baisteadh an buachaill ar fhéile [[Naomh Máirtín ó Tours]], agus b'as an naomh seo a d'ainmnigh a thuismitheoirí é. Bhí a athair ina mháistir i bpoll mianaigh i Mansfeld, áit a rabhthas ag baint copair as an talamh, agus é in ann bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach ionas nach raibh siad in aon chruachás. Theastaigh ó Hans státseirbhíseach a dhéanamh as a mhac, agus chuir sé ar scoil é. Fuair Máirtín a chuid scolaíochta i Mansfeld, [[Magdeburg]] agus [[Eisenach]].
 
In aois a sheacht mbliana déag, sa bhliain [[1501]], chuaigh Máirtín ag staidéar in [[Ollscoil]] [[Erfurt]]. Bhain sé amach céim an bhaitsiléara sa bhliain [[1502]] agus céim an mháistir sa bhliain [[1505]]. Is é an cineál léinn a roghnaigh sé san ollscoil ná an dlí, mar a theastaigh óna athair.
 
I samhradh na bliana 1505, áfach, chuir cith tóirní cor ina chinniúint. Bhuail splanc thóirní an talamh in aice leis, díreach nuair a bhí sé ag dul chun na scoile. "A Naomh Áine", a sciorr air a rá, "cuidigh liom! Rachaidh mé sna manaigh!" [Brecht, vol. 1, p. 48]. Ó shíl sé gurb í Naomh Áine a tháinig chun tarrthála dó an lá áirithe sin, chomhlíon sé an gheallúint a bhí tugtha aige, nó d'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé sna manaigh.
 
Nuair a bhí sé ina mhanach [[Agaistínigh|Agaistíneach]], agus é ag obair ina ollamh le diagacht, thosaigh sé ag éirí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach. Fuair sé locht ar éilliú agus ar lobhadh na hEaglaise Caitlicí, agus é ag éileamh go bhfillfeadh an Eaglais ar ais ar na foinsí agus ar bhunteagasc Íosa Críost. Theastaigh uaidh briathar Dé a scaipeadh i measc na ndaoine ina dteanga féin, agus mar sin, chuir sé [[Gearmáinis]] ar an mBíobla. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar theanga liteartha. Ina ainneoin féin, chuir Liútar tús le scoilt na h[[An Eaglais Chaitliceach|Eaglaise Caitlicí]] agus le forbairt na h[[An Eaglais Liútaránach|Eaglaise Liútaránaí]], arb í an chéad mhóreaglais Phrotastúnach a tháinig ar an bhfód.
 
Sa Ghaeilge, is gnách "Clann Liútair" a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na [[Preispitéireachas|Preispitéirigh]] Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag [[Micí Mac Gabhann]] araon.
 
{{stumpa}}
<!-- idirvicí -->
{{DEFAULTSORT:Luther, Martin}}
[[Catagóir:Ceannairí reiligiúnacha]]
[[Catagóir:Protastúnachas]]
[[Catagóir:Frith-Ghiúdachas]]
[[Catagóir:Reifirméisean]]
[[Catagóir:Daoine Gearmánacha]]
[[Catagóir:Agaistínigh]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1483]]
[[Catagóir:Básanna i 1546]]
 
{{Link GA|ar}}
{{Link GA|de}}
{{Link GA|en}}
{{Link GA|lt}}
{{Link GA|sv}}
{{Nasc AR|ml}}
{{Nasc AR|no}}
{{Nasc AR|vi}}