An difríocht idir athruithe ar: "Marú na hApainn"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ar an 14 Bealtaine 1752 a tharla '''Marú na hApainn''', nó ''Murt na h-Apainn'' mar a thugtar sa Ghaidhlig ar dhúnmharú Cailean Rua Caimbéal|Chailein Rua Caimbé...'
 
No edit summary
Líne 2:
 
==Cúlra==
I Leitir Móir gar do [[Baile a’a' Chaolais|Bhaile a’ Chaolais]] ar an 14 Bealtaine 1752, maraíodh Cailean Rua Caimbéal ó [[Gleann an Iubhair|Ghleann an Iubhair]] nó an Sionnach Rua mar a tugadh air. Caitheadh an Caimbéalach sa droim, agus d’éalaigh an fear a chaith é. Gníomhaire de chuid an rialtais a bhí sa Chaimbéalach, agus é freagrach as na heastáit a baineadh de Chlann Stíobhaird i dTuaisceart [[Oirear Gael]]. Bhí cáil na Seacaibíteach ar Chlann Stíobhaird na hApainn, dream a cuireadh dá dtalamh ar ordú an Chaimbéalaigh, agus a rabhthas in amhras fúthu ó thús gurbh iad a mharaigh an Caimbéalach.
 
D’éalaigh an fear ba mhó a rabhthas in amhras faoi, [[Ailean Breac Stíobhaird]] agus gabhadh [[Séamas Stíobhaird]] nó ''Séamas an Ghleanna'' mar a tugadh air, agus cuireadh an dúnmharú ina leith. Cé go raibh fianaise láidir ann nach raibh an Stíobhardach ar an láthair, ciontaíodh é as páirt a ghlacadh sa dúnmharú. Seoirseach a bhí sa bhreitheamh, [[Giolla Easpaig Caimbéal, 3ú Diúc Oirear Gael]], taoiseach na gCaimbéalach; agus ba Chaimbéalaigh aon duine dhéag den 15 a bhí sa ghiúiré.<ref>{{cite book |last=MacDonald |first=Rev. A. |year=1924 |title=The Poems of Alexander MacDonald (Mac Mhaighstir Alasdair) |location=[[Inbhear Nis]]|publisher=Northern Counties Newspaper and Print. and Pub. Co. |pages=258–261}}</ref>