Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

== Tús a shaoil ==
Rugadh agus tógadh Kennedy i mBrookline, baile i [[Massachusetts]] sa bhliain [[1917]]. Mac leis an bpolaiteoir iomráiteach [[Joseph P. Kennedy, Sr.]] agus Rose Fitzgerald ab ea é. D'fhreastail Kennedy ar Scoil Edward Devotion ar dtús ar feadh ceithre bliana, agus ansin Scoil Dexter i mBostún, agus bliain amháin eile ag Scoil Canterbury. Tar éis Canterbury, chuaigh sé isteach i Choate Rosemary Hall i Wallingford, [[Connecticut]]. Ceann de na scoileanna chónaithe is fearr sa tír ab ea í, agus bhain sé céim amach sa bhliain [[1935]].
 
 
Sheol sé go [[Londain]], [[Sasana]] ar an [[25 Meán Fómhair]] sa bhliain chéanna, in éineacht lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr [[Kathleen Cavendish|Kathleen]]. Chláraigh sé le LSE (Scoil na hEacnamaíochta Londain) chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliana faoin Ollamh Harold Laski, ach cuireadh san ospidéal é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, bhí ar Kennndy filleadh ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. San fhómhar sa bhliain [[1935]], chláraigh sé le hOllscoil Princeton, ach d'éirigh sé tinn arís. [[Buíochán]] a bhí i gceist ag an am seo. San fhómhar an bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Kennedy ag freastal ar [[Ollscoil Harvard]].
Úsáideoir gan ainm