An difríocht idir athruithe ar: "Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath"

Content deleted Content added
Catagóir
Líne 3:
 
== Stair ==
Ba le linn do rítheaghlach na d[[Túdor]] sa [[an Bhreatain|Bhreatain]] a bheith ag leathnú a gcumhacht in Éirinn a bunaíodh Coláiste na Tríonóide. Bhronn bardas Bhaile Átha Cliath tailte seanmhainistreach ar an ollscoil, agus d'fhás sí go mear cé go raibh an saol an-chorrach in Éirinn sa [[17ú16ú haois|seachtú haois déag]]. Mar gheall ar na cogaí creidimh idir [[Caitliceachas|Caitlicigh]], [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] agus [[Preisbitéarachas|Preisbitéirigh]] bhí scoláirí á ndíbirt agus úsáideadh an coláiste mar bheairic d'arm rí [[Séamus II|Shéamuis II]] i [[1689]]. Bhí rudaí síochánta go leor san [[18ú haois|ochtú haois déag]] ach bhí corraíl ann in aimsir na nÉireannach Aontaithe (féach [[Téobald Wolfe Tone]]) ag deireadh na haoise sin. Ag tús an [[20ú haois|fichiú haois]] rinneadh iarrachtaí láidre chun Coláiste na Tríonóide a nascadh le [[Ollscoil na hÉireann]], ach d'éirigh leis a neamhspleáchas a choinneáil. Tosaíodh ag glacadh le mná mar mhic léinn i [[1904]] agus ceapadh an chéad bhean mar ollamh tríocha bliain ina dhiaidh sin.
 
Bunaíodh Coláiste na Tríonóide sa bhliain [[1592]]. Tá an coláiste suite ar thailte seanmhainistreach i lár na cathrach. Protastúnaigh amháin a d'fhreastail ar an choláiste ar feadh na gcéadta bliain, ach ceadaíodh do Chaitlicigh tosú ag staidéar ann tar éis [[1793]]. I measc na ndaoine cáiliúla a bhí ina mic léinn ann bhí [[Téobald Wolfe Tone]], [[Samuel Beckett]], [[Máire Mhic Róibín]], [[Oscar Wilde]], agus [[Edward Carson]]. Bhí an scríbhneoir cáiliúil Gaeilge, [[Máirtín Ó Cadhain]], ina Ollamh le [[Gaeilge]] ann ar feadh scaithimh.