An difríocht idir athruithe ar: "Pláta teicteonach"

Content deleted Content added
No edit summary
naisc, cata., defsort
Líne 1:
Glacann na geolaithe leis anois go bhfuil [[dromchla]] [[An Domhan|an Domhain]] roinnte ina phlátaí dochta réasúnta tanaí den screamh sheachtrach, a shíobghluaiseann thar an ábhar sa mhaintlín faoina mbun go fíormhall, níos lú ná ceintiméadar sa bhliain. 7 bpláta teicteonach mór atá ann — plátaí [[An Afraic|na hAfraice]], na hEoráise, na hInd-Astráile, [[An tAigéan Ciúin|an Aigéin Chiúin]], [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]], [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]], agus an Antartaigh — a tháinig as briseadh na mórthíre [[Pangaea]] timpeall 200 milliún bliain ó shin. Ina dhiaidh sin, trí shíobghluaiseacht na n-[[ilchríoch]], tháinig na mórthíortha le bheith mar a bhfuil siad inniu. Ag áiteanna tá na plátaí ag druidim amach óna chéile is clais dhomhain á cruthú ina ndiaidh. Ag áiteanna eile tá siad ag brú i gcoinne a chéile. Nuair a ghluaiseann siad go cliathánach thar a chéile, tarlaíonn creathanna talún. Uaireanta fodhuchtaíonn pláta amháin faoi bhun pláta eile, agus le gach gluaiseacht choibhneasta tarlaíonn creathanna talún is bolcáin. Mar thoradh ar an bhfodhuchtú seo agus lúbadh an phláta ar barr a cruthaíodh na [[Himiléithe]], na sléibhte is airde ar Domhan. Is iontach teoiric seo na bplátaí teicteonacha chun míniú a sholáthar ar fheiniméin chomh héagsúil le [[sliabh|sléibhte]], [[crith talún|creathanna talún]], [[Bolcán|bolcáin]] agus foithreacha is claiseanna faoin [[Farraige|bhfarraige]].
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
{{DEFAULTSORT:Plata teicteonach}}
[[Catagóir:Seismeolaíocht]]