An difríocht idir athruithe ar: "Bitheolaíocht na gceall"

Content deleted Content added
Líne 38:
=DNA=
 
Thaispeáin Watson agus [[Francis Crick]] gurb é atá i ngach móilín den DNA i ngach cill ná péire de thointemhóilíní, gach ceann acu ina shaghas chóip den cheann eile. Tá na tointí seo leagtha amach taobh lena chéile mar a bheadh dréimire ann, ach an dréimire casta ina héilics, an déhéilics mar a dtugtar uirthi, agus naisc idir fo-aonaid cheimiceacha ar leith ar na tointí, ar a dtugtar núicléitídí[[núicléitíd]]í, ag feidhmiú mar na rungaí ar an dréimire casta. Níl ach ceithre chinn de na núicléitídí seo a bhfaightear in DNA, na [[púiríní]], [[adainín]] (A) agus [[guainín]] (G), agus na [[pirimidíní]], [[citisín]] (C) agus [[timín]] (T). Ní féidir ach na naisc A-T agus C-G a bheith ann idir na tointí agus mar sin bhíonn an dá thointe ina gcóipeanna scáthánacha nó inbhéartaithe dá chéile, an A i gceann amháin i gcónaí os comhair T sa cheann eile agus C i dtointe amháin i gcónaí os comhair G sa tointe eile. Is é ord na núicléitídí a litríonn na géinte[[géin]]te agus a chineann na treoracha i gcill ar bith chun feidhmeanna na cille a rialú agus chun atáirgeadh na cille a chur chun tosaigh.
 
=RNA=