An difríocht idir athruithe ar: "Bitheolaíocht na gceall"

Content deleted Content added
Stil--ach caithfidh abairt (ar a laghad) a dhéanamh de
Ni usáidtear fleiscini ina n-aonar sna hailt féin, ach le teidil na-alt
Líne 14:
==An chill bhitheolaíoch==
 
==Orgánaigh==
 
Sa [[tacsanomaíocht]] rangaítear na h[[Orgánach|orgánaigh]] bheo de réir a gcosúlachtaí agus an n-éagosúlachtaí, mar seo a leanas:
Líne 23:
[[animalia]], ainmhithe ilcheallacha le núicléis.
 
==An chill==
 
Is as cealla a thógtar gach foirm bheatha fhéinatáirgthe—ó na baictéir shimplí aoncheallacha go dtí na [[Míol mór|míolta móra]] mara. Is micreascópach iad cealla den chuid is mó ach tá cúpla ceann, cosúil le h[[ubh]] circe, sách mór. Is sna cealla a tharlaíonn mórchuid bunfheidhmeanna an orgánaigh bheo—sintéis na bpróitéiní, úscadh na gcothaitheach fuinniúil agus atáirgeadh. Is é an bunstruchtúr atá ag cill ná an sac nó an cillscannán fíorthanaí atá mórthimpeall na cille, an núicléas a choimeádann an t-ábhar giniúnach taobh istigh dá scannán núicléach féin i lár báire agus an an t-ábhar slaodach tréshoilseach ar a dtugtar an [[cíteaplasma]] a líonann an spás idir núicléas agus cillscannán.
 
==Núicléas na cille==
 
Fochuid den chill bhitheolaíoch ina bhfuil na géinte atá comhdhéanta as [[móilín]]í [[DNA]] (aigéad déocsiriobanúicléiseach) cornaithe ina g[[Crómasóm|crómasóim]] is ea an núicléas. Stiúrann núicléas na cille fás, [[meitibileacht]] agus [[atáirgeadh]] na cille. Tá na treoracha sna crómasóim chun [[próitéin]]í a thógáil trí bhíthin [[RNA]] (aigéad riobanúicléiseach) taobh amuigh den núicléas sa cíteaplasma.
 
==Aigéid núicléiseacha==
 
Moilíní fada slabhrúla atá ina gcuid lárnach de struchtúr agus d’fheidhmiú na cille bitheolaíche is ea na haigéid núicléiseacha. Stiúrann siad an-chuid gníomhuithe sna cealla agus gníomhuithe idircheallacha freisin. Tá dhá shaghas aigéid núicléisigh ann, an DNA atá i núicléas na cille agus an RNA atá i cíteaplasma na cille.
 
 
==DNA==
 
Thaispeáin [[James Watson]] agus [[Francis Crick]] gurb é atá i ngach móilín den DNA i ngach cill ná péire de thointemhóilíní, gach ceann acu ina shaghas chóip den cheann eile. Tá na tointí seo leagtha amach taobh lena chéile mar a bheadh dréimire ann, ach an dréimire casta ina héilics, an déhéilics mar a dtugtar uirthi, agus naisc idir fo-aonaid cheimiceacha ar leith ar na tointí, ar a dtugtar [[núicléitíd]]í, ag feidhmiú mar na rungaí ar an dréimire casta. Níl ach ceithre chinn de na núicléitídí seo a bhfaightear in DNA, na [[púiríní]], [[adainín]] (A) agus [[guainín]] (G), agus na [[pirimidíní]], [[citisín]] (C) agus [[timín]] (T). Ní féidir ach na naisc A-T agus C-G a bheith ann idir na tointí agus mar sin bhíonn an dá thointe ina gcóipeanna scáthánacha nó inbhéartaithe dá chéile, an A i gceann amháin i gcónaí os comhair T sa cheann eile agus C i dtointe amháin i gcónaí os comhair G sa tointe eile. Is é ord na núicléitídí a litríonn na [[géin]]te agus a chineann na treoracha i gcill ar bith chun feidhmeanna na cille a rialú agus chun atáirgeadh na cille a chur chun tosaigh.
 
==RNA==
 
Bíonn gnó tábhachtach ag an RNA ag cabhrú leis an DNA i rialú na cille, agus go mór mór i ndéanamh na bpróitéiní. Is móilín fada slabhrúil é RNA a bhíonn comhdhéanta as tointe amháin de núicléitídí idir na púiríní, adainín agus guainín, agus na pirimidíní, citisín agus [[úraicil]] (U). Nuair a nascann RNA le DNA, is iad na naisc cheadaithe ná A-U agus C-G. Tá trí phríomhshaghas RNA ann, RNA aistriúcháin (tRNA), RNA teachtaire (mRNA) agus RNA riobasómach.
Líne 46:
Feidhmíonn an tRNA chun an teachtaire géiniteach a léamh ón DNA sa núicléas agus a iompar go dtí an [[riobasóm]], an t-innealra sa cíteaplasma ina ndéantar na próitéiní. Is amhlaidh a roghnaíonn an tRNA [[Aimínaigéad|aimínea-aigéad]] ar leith ón gcíteaplasma agus a iompraíonn é go dtí an riobasóm.
 
===Próitéiní===
 
==Na haimínea-aigéid==
 
[[Aigéad|Aigéid]] orgánacha is ea na haimínea-aigéid atá ina mbloic thógála lena dtógtar na próitéiní. Tá fiche ceann de na gnáth-aimínea-aigéid ann agus braitheann airíonna gach próitéine ar mhéid agus ar ord na n-aimínea-aigéad feadh mhóilín-shlabhra na próitéine. I struchtúr na próitéine bíonn an slabhra fada líneach seo lúbtha arís agus arís eile air féin agus cinneann an cruth deiridh seo feidhmiú na próitéine.
 
==Próitéiní==
 
Is macramóilíní orgánacha iad na próitéiní atá líneach ina mbunstruchtúir, iad tógtha as shraith d’aimínea-aigéid, agus ansin na slabhraí lúbtha ar a céile ar shlite éagsúla. Tagann fiche aimínea-aigéad i gceist i dtógáil na bpróitéiní. Tá na próitéiní bunúsach don bheatha. Tá próitéiní ann a fheidhmíonn mar [[einsím]]í a ghlacann páirt riachtanach i n[[díleá]] na bpróitéiní sa [[Bia|bhia]] a itear. Is próitéin ar leith í [[haemaglóibin]], atá taobh istigh d’[[eiritricítí]] (cealla dearga) na [[Fuil|fola]] agus a fheidhmíonn chun [[ocsaigin]] a iompar ó na [[scamhóg]]a ar fud an choirp agus [[déocsaíd charbóin]] ó bhaill uile an choirp go dtí na scamhóga chun é a easanálú. Is lárnach iad próitéiní i struchtúr na bh[[fíochán]] táite. Comhdhéanann na próitéiní céatadán mór de [[mais|mhais]] gach aon ruda bheo agus ní mór go mbeadh cuid mhaith díobh i gcothú gach [[ainmhí]]. Is í bunfheidhm gach cille beo móilíní próitéine a dhéanamh as aimínea-aigéid de réir treoracha atá códaithe i móilíní DNA. Braitheann cruth agus feidhm gach próitéine ar shainsheicheamh na n-aimínea-aigéad atá inti.
 
==Einsímí==
 
Is é atá in einsím ná móilín próitéine a fheidhmíonn in imoibriú bithcheimiceach mar chatailíseach chun an t-imoibriú a chur ar aghaidh go tapa, agus nach n-athraítear an móilín sin ar chor ar bith san imoibriú. Ábhar nach mbíonn ach rian de sa chóras, a mhéadaíonn ráta imoibrithe cheimicigh agus nach n-athraítear in aon chor é sa phróiseas is ea caitilíseach. Is iontach tábhachtach einsímí i meitibileacht bia sa chorp daonna, agus tagann einsímí ar leith i bhfeidhm chun deileáil le bianna éagsúla, próitéin, geir agus stailc. Mar shampla táltar tiailin ag na faireoga seileacha sa bhéal agus feidhmíonn an einsím seo ar na stailceanna sa bhia, cun iad a bhriseadh ina bhfochodanna insúite ag an mbealach díleáite. Tá einsímí tábhachtacha freisin san fhuil a chabhraíonn i dtéachtadh na fola nuair is gá leis sin.
 
==An cíteaplasma==
 
Tugtar an cíteaplasma ar an mheán lena struchtúir éagsúla idir chillscannán agus scannán an núicléis. Is anseo a tharlaíonn an chuid is mó de mheitibileacht agus d’fheidhmiú ginearálta na cille. Sa líontán ionphlasmach tá na riobasóim ina mhonaraítear na próitéin. Sa ghaireas Golgi stóráiltear próitéiní. Sna miteacoindrí stóráiltear na heinsímí a fheidhmíonn ar na móilíní fuinniúla de shaghas thrífhosfáit aideinisín (ATP) atá an-thábhachtach i soláthar fuinnimh i gcealla agus i bhfíocháin. Tá líseasóim sa cíteaplasma freisin agus feidhmíonn na struchtúir seo chun ábhair eachtrannacha a dhíleá agus a ruaigeadh amach as an gcill. Tá ceintríní sa cíteaplasma a fheidhmíonn i roinnt shómach na cille chun na crómasóim a tharraingt chuig taoibh urchóireacha na cille, díreach tar éis iad a atáirgeadh agus roimh roinnt na cille. Is iad siúd na príomhstruchtúir sa cíteaplasma ach tá a lán eile nach iad.
 
==Atáirgeadh na cille==
 
Tá dhá mhodh ann chun cealla a atáirgeadh, an modh gnéasach agus an modh sómach.
 
===Modh gnéasach===
 
Sa mhodh gnéasach tagann dhá chill ghnéasacha ar leith le chéile, ceann amháin ón mháthair (an t-ubhán) agus an ceann eile ón athair (an speirm). Chun ubhán a chruthú roinntear na crómasóim, na móilíní déhéilicse DNA, ina dhá leath i gcealla ar leith ón mháthair ionas nach bhfuil fágtha i ngach ubhán ach leath de gach crómasóm agus leath den ábhar giniúnach ón mháthair. Is mar an gcéanna leis an speirm. Nuair a nascann ubhán agus speirm le chéile chun ubh thoirchithe a tháirgeadh, bíonn an líon iomlán den ábhar giniúnach san ubh. Tugtar an síogót ar an ubh thoirchithe seo, roimh tuilleadh roinnte sómaí di. Sa mhamach tugtar suth ar feadh cúpla mhí ar an ubh thoirchithe tar éis a roinnte sa bhroinn agus ina dhiaidh sin tugtar féatas uirthi go dtí go mbeirtear é.
 
===Modh sómach===
 
Is é an modh sómach a tharlaíonn i ngnáthfhás fíochán, i ndeisiú fíochán agus i gclónú. Sa mhodh seo atáirgthe, roinneann na crómasóim ar dtús ach ansin atáirgtear DNA iomlán nua agus déantar macasamhail de na crómasóim go léir taobh istigh den chill. Ina dhiaidh sin scarann an dá mhacasamhail den DNA do dhá thaobh urchomhaireacha na cille agus diaidh ar ndiaidh cruthaítear scannán núicléis mórthimpeall an dá DNA seo agus roinntear an chill go léir ina dá leath. Briseann an cillscannán agus dúnann sé arís mórthimpeall an dá chill iníne. Is mar seo a tharlaíonn fás in orgánach agus deisiú i bhfíocháin. Mar shampla i gcorp sláintiúil daonna tarlaíonn 1012 atáirgeadh sómach gach lá, chun athnuachaint a dhéanamh ar chealla na fola, conair an díleá, an chraicinn, na gruaige agus eile.
 
==Clónú==
 
Is é is clónú ann ná cóip ghéiniteach d’orgánach ar leith a chruthú trí fhéin-atáirgeadh neamhghnéasach ina spreagtar an núicléas i gcill as corp an aon tuismitheora chun é féin a roinnt. De bhrí go bhfaigheann an clón a ghéinte go léir mar oidhreacht ó thuismitheoir amháin, is ionann é ar bhonn géiniteach leis an tuismitheoir sin. Is clónú a dhéanann na plandeolaithe i nódú plandaí agus is trí chlónú a atáirgeann baictéir, víris agus orgánaigh aon-cheallacha eile.
Líne 82:
Is féidir sa bhith-theicneolaíocht nua-aoiseach síogóit a a chlónú agus uaidh sin an-chuid ainmhithe ionanna feirme a tháirgeadh.
 
==Hormóin==
 
Is ceimiceáin, go minic próitéiní, iad na hormóin, a tháltar i bhfaireoga áirithe sa chorp agus a fheidhmíonn mar theachtairí ceimiceacha de bhrí go dtéann siad i bhfeidhm áit éigin sa chorp i bhfad ón bhfaireog inchríneach bhunaidh. Táltar na hormóin de ghnáth isteach in imshruthú na fola agus ansin iompraíonn an fhuil an hormón go dtí na sprioc-chealla. Sa tslí ina bhfeidhmíonn na hormóin ar fhíocháin áirithe chun a bhfeidhmiúcháin sin a mhodhnú, tá na faireoga inchríneacha ceangailte go dlúth leis an gcóras néarógach, mar a bheadh dhá chóras chomhthreomhara chomhlántacha iontu.
 
 
==An Cód Géiniteach==
 
Is é an cód géiniteach na rialacha atá scríofa ins na bonnphéirí de na núicléitídí san DNA chun tógáil próitéiní agus feidhmiúcháin bhithcheimiceacha eile na cille a threorú. Mar a dúradh cheanna is amhlaidh nach bhfuil sna céad míle géin sa chorp daonna ach amháin ceithre núicléitíd, adainín (A), timín (T), citisín (C) agus guainín (G). Mar sin níl ach ceithre litir san aibítir ghéiniteach, ach iad in oird éagsúla ar fud an DNA i ngach crómasóm. Is péire de thointemhóilíní de na núicléitídí é an DNA, agus é i bhfoirm déhéilicse. Tarlaíonn na núicléitídí seo ionas go mbíonn na péirí A-T agus C-G amháin os comhair a chéile mar naisc idir na tointí.
Líne 94:
 
 
==Códón==
 
Is é atá o gcódón ná seiceamh de thrí núicléitíd san DNA a shainíonn aimínea-aigéad ar leith a chur isteach in ionad ar leith i struchtúr próitéine le linn a tógála. Is bunghné den chód géiniteach í go sainíonn tríríní de na ceithre núicléitíd, adainín (A), timín (T), citisín (C) agus guainín (G), san DNA, mar shamplaí AAA, AAG, AGA, GAA, AGT, etc., tógáil próitéiní agus a rialaíonn feidhmeanna eile na cille bitheolaíochta. Bíonn ord ar leith de na códóin i ngéin ar bith feadh chrómasóim. De bhrí nach ceadaithe ach na naisc A-T agus C-G idir núicléitídí urchomhaireacha ar an dá thointemhóilín san déhéilics den DNA, má tá códón AGT ar thointe amháin tá an códón freagrach TCA ar an tointe os a comhair amach.
 
==Géinte==
 
Aonaid an dúchais, na seicimh de chódóin ar an DNA, a threoraíonn déanamh próitéine ar leith nó cur i gcrích tréithe ar leith is ea na géinte. Tá na géinte go léir mar a bheadh ina bpleananna do na cealla agus tá siad lonnaithe go dlúth ar na crómasóim. Is géin í mar sin mír áirithe den DNA i gcrómasóm, a bhfuil feidhm áirithe aici.
Líne 107:
==Baictéir agus Víris==
 
====Baictéir===
 
Is micrea-orgánaigh aoncheallacha gan núicléis eagraithe iontu na baictéir agus tugtar ginidíní nó frídíní galair orthu freisin. In é atá i micrea-orgánach ná foirm bheatha mhicreascópach. Ní plandaí ná ainmhithe na baictéir ach cineál beatha eile ar a dtugtar monera ina mbíonn struchtúr an-shimplí taobh istigh de na cealla. Sa bhaictéar bíonn an DNA scaipthe ar fud na cille cé go mbíonn an DNA i gcill phlanda nó ainmhí coimeádta i núicléas scoite.
 
===Víris===
 
Gníomhaithe orgánacha tógálacha atá ar an gcríoch idir damhna beo agus damhna neamhbheo, is ea na víris. Is é atá i víreas ná píosa beag de DNA i bhfoirm shlaite nó sféir, agus é clúdaithe le brat próitéine, an struchtúr go léir i bhfoirm sféir le eireaball air. Is féidir le víreas atáirgeadh taobh istigh de chealla óstaigh éigin bheo, baictéir, plandaí nó ainmhí. Nuair a dhéanann víris ionradh ar chill shláintiúil, greamaíonn barr an eireabaill leis an gcillscannán, sreabhann an DNA amach as an víreas agus isteach sa chill ionraithe, áit a atáirgeann sé arís agus arís eile chun a thuilleadh víreas a dhéanamh, agus an chill sin a mharú. Ansin éalaíonn na víris nua chun ionradh a dhéanamh ar cheall eile. Dá bharr seo is fíor-thógálach na víris. Feidhmíonn an víreas mar sheadán chun an chill ionsaithe a chur i ndaoirse.
Líne 117:
I bplandaí cuireann vírís tús le galair mhósáice i dtobac, i dtrátaí, i bpónairí soighe agus eile. In ainmhithe is galair iad seo a leanas a éiríonn as ionradh víreas, ailsí áirithe, conslaod madrúil, galar crúibe is béil i mbeithígh agus confadh. Is galair víris i ndaoine iad ailsí áirithe, AIDS, heirpéas, slaghdán, fliú, polaimiailíteas agus heipitéis.
 
==Frithbheathaigh==
 
Tá níos mó ná leathchéad bliain ann ó d’fhionn Alexander Fleming peinicillin agus ag an am sin mhill an frithbheathach seo an-chuid bhaictéar go fíor-éifeachtach. Measadh ag an am agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin go raibh cógas lán-éifeachtach ag an gcine daonna chun na galair go léir a tharlaíonn de bharr baictéar a chloí. Ach ní mar a shíltear a bítear. Is amhlaidh a chúlthroid na baictéir ar shlí a thuigtear anois a bheith bunaithe ar chineálacha baictéar a bhí frithbheartach i gcoinne na peinicilline, ionas gur tháinig na cineálacha sin chun treise díreach nuair a milleadh na cineálacha eile. Faoi seo tá suas le 50% de na baictéir a chuireann tús le galruithe i gconair an mhúin lán-fhrithbheartach i gcoinne pheinicilline.
Líne 124:
 
 
===An Córas Imdhíonach===
 
Is é an córas imdhíonach an córas inmheánach sa chorp daonna a dhéanann an corp a chosaint i gcoinne baictéar agus víreas. Nuair a dhéanann baictéir nó víris ionradh ar a gcorp tagann cealla bána na fola timpeall orthu agus cruthaíonn siad antashubstaintí ar leith chun iad a ionsí. Déanann na cealla bána na hionraitheoirí neamhurchóideach nó daingníonn iad go dtí go n-itheann na cealla bána iad amach is amach. Fanann na hantashubstaintí seo sa chorp le blianta tar éis ionradh baictéar nó víreas, ionas go mbíonn an corp réidh b’fhéidir ar feadh saol an duine ina dhiaidh sin, chun cosaint i gcoinne an ghalair sin agus fiú an galar sin a sheachaint. Tá galair áirithe víreas ann áfach, AIDS mar shampla, a mhilleann na cealla gníomhacha sa chóras imdhíonach agus a fhágann an corp gan chosaint i gcoinne a lán galar tógálacha agus cealla ailseacha.
Líne 130:
Is é atá i gceist nuair a imdhíontar an corp le vaicsín de ghalar ná an corp a spreagadh chun antashubstaintí ar leith a chruthú le cealla neamhurchóidacha den ghalar sin. Fanann na hantashubstaintí seo san fhuil ar feadh na mblianta chun cosaint i gcoinne an dhrochghalair sin.
 
==Antaiginí agus antashubstaintí==
 
Aon ábhar eachtrannach cosúil le víreas a spreagann córas imdhíonach an choirp chun antashubstaintí a chruthú, nuair a théann sé isteach sa chorp, tugtar aintigin ar a leithéid. De ghnáth treánn aintiginí an corp greamaithe le baictéir nó le pailíní agus is mar fhreagairt orthu sin agus chun an corp a chosaint a dhéanann an córas imdhíonach na hantashubstaintí.
 
==Antashubstaintí==
 
Próitéiní is ea na hantashubstaintí a chruthaítear san fhuil mar fhreagairt ar phróitéiní eachtrannacha chun iad a chealú nó chun imdhíonadh a sholáthar ina gcoinne. Taistealaíonn siad den chuid is mó le himshruthú na fola, agus mar a bheadh diúracáin dhírithe iontu, seachnaíonn siad cella sláintiúla agus déanann siad ar bhaictéir nó ar víris chun iomaíocht leo agus iad a chur ar ceal. Is féidir le córas imdhíonach an choirp níos mó ná milliún antashubstaint éagsúla a chruthú.
 
==Antashubstaintí monachlónacha==
 
Tá an-chuid taighde déanta ar antashubstaintí monachlónacha, a déantar ar shlí éigin taobh amuigh den chorp, mar shampla in ullmhuithe de chealla ar leith nó in ainmhithe beaga, agus a instealltar san imshruthú fola. Ba deacair dóthain de na hantashubstaintí a dhéanamh ar bhonn tráchtála ar an mbealach bitheolaíoch seo. Níl ach móilíní gabhlógacha sna hantashubstaintí monachlónacha agus faoi seo tá siad á dhearadh le ríomhairí agus á thógáil ar bhealach, ar a thugtar innealtóireacht mhóilíneach, chun go bhfuil seans maith ann gur féidir an cruth agus an méid is gá a sholáthar d’othar ar bith le galar ar bith. Piléar draíochta i ndáiríre a bheadh in a leithéid, má éiríonn leis an bplean.
 
==Gáma-globailín==
 
Próitéiní ar leith a iompraíonn antashubstaintí na fola is ea na gáma-ghlobailíní. Aonraítear amach as séaram fhuil téarnamhaigh agus as an slánadh iarbhreithe é agus úsáidtear é mar chóir leighis i gcoinne na bruitíní, an pholaimiailítis, na heipitéise tógálaí agus galar eile tógálacha.
 
 
==Inteirféaróin==
 
Is cuid de chóras cosanta an choirp i gcoinne víreas iad inteirféaróin chomh maith le hantashubstaintí. Nuair a ghalraítearcealla daonna le víreas, cruthaítear próitéiní ar leith sna cealla sin agus idirleathann siad isteach i gcealla eile mórthimpeall. Tagann na cealla a bhfaigheann na próitéiní seo le bheith frithsheasmhach i gcoinne an víris seo de bhrí go gcuireann an próitéin idirleata isteach ar iarrachtaí an víris atáirgeadh nó macasamhlú taobh istigh de na cealla sin. Táthar ag iarraidh inteirféaróin shaorga a úsáid chun dul i gcoimhlint le galruithe víreas agus fiú le hailse, ach de bhrí go bhfuil droch-thaobhthorthaí ag baint leo, ní mór an dul chun cinn atá déanta go dtí seo.
 
==Vacsaíní==
 
Córacha leighis iad seo a spreagann an chorp chun antashubstaintí a chruthú a dhíreódh ar agus a d’ionsódh galrú ar leith. Den chuid is mó is é a bhíonn i vacsaín ná dáileog éadrom den ghalar, is é sin baictéir nó víris lagaithe nó mharbha den ghalar. Tar éis an bhabhta éadroim sin den ghalar, fanann na hantashubstaintí sa chorp chun cosaint a sholáthar i gcoinne an ghalair sin aon am ina dhiaidh sin. Le déanaí táthar in ann mír bheag den víreas a úsáid chun an fhreagairt imdhíonach a spreagadh agus laghdaíonn sé seo an baol beag go spreagfadh an víreas iomlán lag frithghníomhú baolach i ndaoine áirithe.
Líne 158:
 
 
==Aicídí Dúchasachadúchasacha==
 
Tarlaíonn aicídí dúchasacha de bharr lochtanna nó easnaimh i ngéinte áirithe an duine. Tá níos mó ná 2000 de na haicídí seo a bhfuil géin amháin mar bhun leo.
Líne 166:
Tá raon leathan aicídí dúchasacha ann, agus is iad seo a leanas cuid de na cinn is forleithne.
 
==Aicíd Tay-Sachs==
 
Easnamh einsím ar leith sa chóras néarógach atá san aicíd seo a tharlaíonn do Ghiúdaigh ó Oirthear na hEorpa amháin agus maraíonn sí an leanbh taobh istigh de cheithre bhliain.
 
==Feinilcéatanúiréa==
 
Easnamh einsím a chabhraíonn le díbriú an aimínea-aigéid, feiniolailinín, as an gcorp, is bun leis an aicíd seo. Ta gá le feiniolailinín sa chorp ach tarlaíonn droch-éalang mheabhrach má tá an iomarca de sa chorp. Is féidir an leanbh a thástáil go luath tar éis a bhreithe, féachaint an bhfuil an aicíd seo aige agus is féidir í a leigheas, nó ar a laghad a láimhseáil, le cothú ina bhfuil ar éigin dóthain feiniolailinín.
 
==Anaemacht chorrán-chille==
 
Ní tharlaíonn an aicíd seo ach do dhaoine gorma. San aicíd seo tá locht sna móilíní haemaglóibine a iompraíonn an ocsaigin i gcealla dearga na fola, ionas go bhfuil na cealla díchumtha ina gcorráin agus go mbriseann an-chuid de na cealla seo. Go minic calcann na cealla briste seo fuilfheadáin bheaga, rud a chuireann isteach go mór ar imshruthú na fola agus ar sholáthar oscaigine do na fíocháin. Déanann sé seo dochar do na fíocháin agus faigheann mór-chuid na n-íobhartach bás roimh fiche bliain d’aois.
 
==Anaemacht Cooley==
 
Aicíd an-chosúil le hanaemacht chorrán-chille is ea anaemacht Cooley, a bhuaileann daoine de shinsearacht ón Mheánmhuir.
 
==Fibreóis chisteach==
 
Buaileann an aicíd seo daoine de shinsearacht ón Eoraip Thuaidh agus mar thoradh uirthi, ní fheidhmíonn na faireoga seileacha ná faireoga eile i gceart. Thar am bailíonn múcas tiubh in aerphasáistí na scamhóg, rud a chuireann isteach ar an ionanálú agus a chuireann tús le hionfhabhtuithe sna scamhóga.
 
 
==An Ailse==
 
Tá níos mó ná céad saghas aicíde ann a dtugtar ailse orthu agus is cúis bháis í ailse i níos mó ná 20% de bhásanna in Éirinn. Is i méid atá minicíocht na hailse sa tír seo le linn an chéid seo.
Líne 197:
Le roinnt bliana anuas, is ar dhrugaí ciotatocsacha a bhí lucht leighis ag brath leis na cealla ailse a mharú. Ach tá treo na taighde dírithe anois ar staidéar na n-oncaigéinte, i.e. géinte na hailse, agus ar a dtorthaí próitéine siúd. Séard atá á lorg anois mar leigheas ná ceimiceáin a bheadh gníomhach ina n-aghaidh siúd.
 
==Oncaigéinte==
 
Is géinte iad seo atá rud beag éagsúil le gnáthghéinte ionas go gcuireann siad tús le sceachillí. Ciallaíonn an réimír "onca(i)" baint le sceachaill. Fuarthas amach le blianta beaga anuas go bhfuil géinte i ngach chill de gach ghné bheo, ar féidir iad a thiontú ina gcúis ailse tríd athruithe dá laghad a dhéanamh orthu. Is próta-oncaigéinte iad seo agus nuair atá siad athraithe is oncaigéinte iad. Meastar gur féidir an t-athrú seo sna géinte a bheith chomh beag le "litir" nó "giotán" amháin i gcódón amháin sa chód géiniteach ann.
 
 
==AIDS==
 
Galar marfach is ea AIDS ina mhilltear cuid de chealla bána na fola (na limficítí) sa chorp ionas go lagaítear an córas imdhíonach agus cumas an choirp é féin a chosaint. Tá an galar AIDS (Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte) ag leathadh go tapa ar fud an domhain, agus is ag dul in olcas i gcónaí atá an scéal. Tá ar eolas le deich mbliain anuas gurb é an víreas HIV (Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna) is cúis amháin le AIDS ach tá an tuairim ann freisin gur féidir go bhfuil cúiseanna eile le AIDS. Is féidir duine a bheith galraithe ag HIV agus gan AIDS a bheith air, ach bíonn gach baol ann go dtiocfaidh AIDS amach is amach air, ar ball.
Líne 213:
 
 
==Innealtóireacht Ghéiniteachghéiniteach==
 
Láimhseáil agus athchóiriú an ábhair ghéinitigh trí theicnící fisiceacha, ceimiceacha agus bitheolaíocha, chun tréithe dúchasacha a athrú, atá i gceist in innealtóireacht ghéiniteach. Tugtar géinspladhsáil agus teicneolaíocht DNA athchuingrigh air seo freisin. A luaithe agus a bhí teicnící ann chun an cód géiniteach a aimsiú tosaíodh ar shlite a shaothrú chun an cód a athrú agus na géinte a bheartú. San innealtóireacht ghéiniteach baintear feidhm as einsímí ar leith chun géin de chuid orgánaigh amháin a ghearradh amach agus a spladhsáil nó a athchuingriú isteach san ionad ceart in DNA orgánaigh eile. Ansin feidhmíonn an t-orgánach faighteora chun treoracha na géine nua a chur i gcrích.
Líne 219:
 
 
===Eiseamláir d’innealtóireacht ghéiniteach chun inslin dhaonna a mhonarú===
 
Déantar inslin dhaonna i gcomhair diaibéiteach trí bhíthin bhaictéar ina bhfuil na géinte cuí daonna spladhsáilte. Is éard an baictéar Escherichia Coli (E. Coli) atá i láthair go flúirseach sa stéig dhaonna, a úsáidtear sa mhonarú seo. Mar a dúradh roimhe níl aon núicléas i mbaictéar agus is amhlaidh atá cuid den DNA ann ina bhfáinní ar a dtugtar plasmaidí. Chun an ghéinspladhsáil a chur i gcrích, baintear plaismidí amach as na cealla den E. Coli ar dtús agus measctar iad le heinsím ar leith a ghearrann na fáinní ag ionad ar leith. I bpróiseas eile measctar DNA as cealla daonna le heinsím eile a ghearrann amach na géinte a fheidhmíonn mar chód i gcomhair insline. Ansin measctar an dá thuaslagán seo le chéile chomh maith le heinsín eile ar leith ar a dtugtar liogás, a fheidhmíonn chun na géinte i gcomhair insline a nascadh isteach sna fáinní plasmaide agus na fáinní a iomlánú arís. Ansin tugtar na plasmaidí ciméaracha seo ar ais isteach i gcealla E. Coli. Clónaítear na cealla E. Coli nua seo chun na billiúin díobh a chruthú agus táirgeann na cealla E. Coli seo inslin dhaonna go rialta leanúnach sa mheán cothaithe ina bhfuil siad.
 
==Alfa-inteirféarón==
 
Tá aicme amháin inteirféaróin, an t-alfa-inteirféarón atá éifeachtach mar chóir leighis i gcoinne heipitéise, leoicéime ar leith agus ailse ar leith fola. Táthar ag tuar go mbeidh a leithéid áisiúil chun othair le AIDS a chóireáil freisin.
Líne 229:
Déantar méid mór den alfa-inteirféarón ar mhodh cosúil leis an mhodh monarú insline thuas. Nuair a chuirtear sa chorp é is amhlaidh a ghríosaíonn an t-alfa-inteirféarón athchuingreach géinte a tháirgeann próitéiní a chuireann isteach ar mhacasamhlú an víris. Modhnaíonn an t-alfa-inteirféarón feidhmiú an chórais imdhíonaigh freisin, rud a chuireann leis an gcosaint fhrithvíreasach agus a choisceann fás ailsí. Tá an-chuid thaighde mar sin ar siúl san innealtóireacht ghéiniteach chun drugaí bunaithe ar alfa-inteirféaróin agus a bheidh éifeachtach sa chóras imdhíonach a fháil amach.
 
==Scéim an ghéineoim dhaonna==
 
Seo scéim chomhoibritheach i measc a lán bitheolaithe i Meiriceá agus i dtíortha eile, na géinte go léir ar gach cromasóm daonna a mhapáil, is é sin an cód iomlán den chéad míle ghéin a threoraíonn an neach daonna a scaoileadh.
Líne 237:
Trí úsáid a bhaint as na teicnící céanna atá in úsáid chun an cód géiniteach daonna a mhapáil, tiocfaidh ionannú géiniteach chun foirfeachta i gcúrsaí dlí agus eile. Tiocfaidh feabhsú nó athrú na ngéinte daonna chun cinn freisin.
 
==Teiripe ghéiniteach==
 
Is é atá i gceist in dteiripe ghéiniteach ná géinte ar leith nua a insealbhú i ndaoine nó in ainmhithe eile nó i bplandaí chun easnamh éigin géiniteach, mar a bhíonn ann in aicíd dhúchasach, a leigheas nó a cheartú.
Líne 245:
I dteiripe ghnéasach bheadh ceartú na ngéinte le déanamh in ubhán na máthar agus i speirmeacha an athar roimh iad a chur le chéile chun an t-ubhán a thoirchiú.
 
==Feabhsuithe ar bharraí agus ar stoc==
 
Go dtí seo táthar tar éis géinte a bhaint amach as baictéir atá frithbheartach i gcoinne féaraicídí agus iad a spladhsáil isteach i síolta tobac, rud a dhéanann an planda seo i bhfad níos frithbheartaí i gcoinne fhéaraicídí ná mar atá an gnáth-thobac. Mar thoradh air seo is féidir fiailí a dhíothú i bhfad níos iomláine ná go dtí seo le níos mó de na ceimiceáin seo, agus ina dhiaidh sin barr tobac níos mó a fháil.
Líne 256:
 
 
==Ceisteanna Móráltamórálta/Eiticeeitice==
 
Is ag a tús atá an obair seo ar fad. Is ceist bhunúsach eitice agus fhealsúnachta agus mhoráltachta í an cumas nua seo ag daoine, cur isteach chomh scioptha sin ar na próisis dhúchasacha agus struchtúr géiniteach ár ngné féin fiú a athrú. Is féidir a rá nach bhfuil ar éigin tosaithe ar na fadhbanna seo a phlé go forleathan.
Líne 269:
 
 
==Achoimriú==
 
Is teicneolaíocht chumasach fhadtéarmach í an innealtóireacht ghéiniteach arbh fhéidir an-chuid shochair agus an-chuid dochair a theacht aisti. Músclaíonn an teicneolaíocht seo ceisteanna ní hamháin do na heolaithe féin ach do gach éinne a chumhdaíonn agus a chloíonn le bunluachanna éigin daonna. Ní féidir iad a shéanadh agus ní ceart iad a shéanadh.
Líne 276:
 
 
== Leabharliosta ==
 
J. Newell, ''The Gene Splicers'', W H Allen, Londain, 1989.
H. Schneider & L Schneider, ''Dictionary of Science for Everyone'', Bloomsbury, Londain, 1990.
 
== Naisc sheachtracha ==
*{{Dmoz|Science/Biology/Cell_Biology|Cell Biology}}