An difríocht idir athruithe ar: "Bitheolaíocht na gceall"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 17:
[[Íomhá:Bluetongue virus.gif|mion|Víreas gormtheanga feicthe trí leictreonmhicreascóp. Is ionann an scála agus 50 nanaiméadar.]]
Sa [[tacsanomaíocht]] rangaítear na h[[Orgánach|orgánaigh]] bheo de réir a gcosúlachtaí agus an n-éagosúlachtaí, mar seo a leanas:
[[moneraMonera]], orgánaigh aoncheallacha gan aon [[núicléas]], mar [[víreas|víris]], [[baictéar|baictéir]] agus a leithéidí;
[[protistaProtista]], orgánaigh aoncheallacha le núicléis, mar [[Aiméibe|aiméibí]];
[[fungas|fungiFungi]], orgánaigh shimplí ilcheallacha le núicléis, cosúil le [[Beacán|beacáin]] agus [[coincleach]]a;
[[plantaePlantae]], plandaí ilcheallacha le núicléis;
[[animaliaAnimalia]], ainmhithe ilcheallacha le núicléis.
 
==An chill==
 
Is as cealla a thógtar gach foirm bheatha fhéinatáirgthe—ó na baictéir shimplí aoncheallacha go dtí na [[Míol mór|míolta móra]] mara. Is micreascópach iad cealla den chuid is mó ach tá cúpla ceann, cosúil le h[[ubh]] circe, sách mór. Is sna cealla a tharlaíonn mórchuid bunfheidhmeanna an orgánaigh bheo—sintéis na bpróitéiní, úscadh na gcothaitheach fuinniúil agus atáirgeadh. Is é an bunstruchtúr atá ag cill ná an sac nó an [[cillscannán]] fíorthanaí atá mórthimpeall na cille, an núicléas a choimeádann an t-ábhar giniúnach taobh istigh dá scannán núicléach féin i lár báire agus an an t-ábhar slaodach tréshoilseach ar a dtugtar an [[cíteaplasma]] a líonann an spás idir núicléas agus cillscannán.
 
==Núicléas na cille==
Líne 61:
==An cíteaplasma==
 
Tugtar an cíteaplasma ar an mheán lena struchtúir éagsúla idir chillscannán agus scannán an núicléis. Is anseo a tharlaíonn an chuid is mó de mheitibileacht agus d’fheidhmiú ginearálta na cille. Sa líontán ionphlasmach[[ionphlasma]]ch tá na riobasóim ina mhonaraítear na próitéin. Sa ghaireas Golgi stóráiltear próitéiní. Sna miteacoindrí[[Miteachoindre|miteachoindrí]] stóráiltear na heinsímí a fheidhmíonn ar na móilíní fuinniúla de shaghas thrífhosfáit aideinisín (ATP) atá an-thábhachtach i soláthar [[Fuinneamh|fuinnimh]] i gcealla agus i bhfíocháin. Tá [[Liseasóm|líseasóim]] sa cíteaplasma freisin agus feidhmíonn na struchtúir seo chun ábhair eachtrannacha a dhíleá agus a ruaigeadh amach as an gcill. Tá ceintríní[[ceintrín]]í sa cíteaplasma a fheidhmíonn i roinnt shómach na cille chun na crómasóim a tharraingt chuig taoibh urchóireacha na cille, díreach tar éis iad a atáirgeadh agus roimh roinnt na cille. Is iad siúd na príomhstruchtúir sa cíteaplasma ach tá a lán eile nach iad.
 
==Atáirgeadh na cille==
Líne 69:
===Modh gnéasach===
 
Sa mhodh gnéasach tagann dhá chill ghnéasacha ar leith le chéile, ceann amháin ón mháthair (an t-[[ubhán]]) agus an ceann eile ón athair (an [[speirm]]). Chun ubhán a chruthú roinntear na crómasóim, na móilíní déhéilicse DNA, ina dhá leath i gcealla ar leith ón mháthair ionas nach bhfuil fágtha i ngach ubhán ach leath de gach crómasóm agus leath den ábhar giniúnach ón mháthair. Is mar an gcéanna leis an speirm. Nuair a nascann ubhán agus speirm le chéile chun ubh thoirchithe a tháirgeadh, bíonn an líon iomlán den ábhar giniúnach san ubh. Tugtar an [[síogót]] ar an ubh thoirchithe seo, roimh tuilleadh roinnte sómaí di. Sa [[Mamach|mhamach]] tugtar [[suth]] ar feadh cúpla mhí ar an ubh thoirchithe tar éis a roinnte sa [[Broinn (útaras)|bhroinn]] agus ina dhiaidh sin tugtar [[féatas]] uirthi go dtí go mbeirtear é.
 
===Modh sómach===
 
Is é an modh sómach a tharlaíonn i ngnáthfhás fíochán, i ndeisiú fíochán agus i gclónúg[[clónú]]. Sa mhodh seo atáirgthe, roinneann na crómasóim ar dtús ach ansin atáirgtear DNA iomlán nua agus déantar macasamhail de na crómasóim go léir taobh istigh den chill. Ina dhiaidh sin scarann an dá mhacasamhail den DNA do dhá thaobh urchomhaireacha na cille agus diaidh ar ndiaidh cruthaítear scannán núicléis mórthimpeall an dá DNA seo agus roinntear an chill go léir ina dá leath. Briseann an cillscannán agus dúnann sé arís mórthimpeall an dá chill iníne. Is mar seo a tharlaíonn fás in orgánach agus deisiú i bhfíocháin. Mar shampla i gcorp sláintiúil daonna tarlaíonn 1012 atáirgeadh sómach gach lá, chun athnuachaint a dhéanamh ar chealla na fola, conair an díleá, an [[Craiceann|chraicinn]], na gruaige[[gruaig]]e agus eile.
 
==Clónú==
 
Is é is clónú ann ná cóip ghéiniteach d’orgánach ar leith a chruthú trí fhéin-atáirgeadh neamhghnéasach ina spreagtar an núicléas i gcill as corp an aon tuismitheora chun é féin a roinnt. De bhrí go bhfaigheann an [[clón]] a ghéinte go léir mar oidhreacht ó thuismitheoir amháin, is ionann é ar bhonn géiniteach leis an tuismitheoir sin. Is clónú a dhéanann na plandeolaithe i [[nódú]] plandaí agus is trí chlónú a atáirgeann baictéir, víris agus orgánaigh aon-cheallacha eile.
 
Is féidir sa bhith-theicneolaíocht nua-aoiseach síogóit a a chlónú agus uaidh sin an-chuid ainmhithe ionanna feirme a tháirgeadh.
 
==Hormóin==
 
Is ceimiceáin, go minic próitéiní, iad na [[Hormón|hormóin]], a tháltar i bhfaireoga áirithe sa chorp agus a fheidhmíonn mar theachtairí ceimiceacha de bhrí go dtéann siad i bhfeidhm áit éigin sa chorp i bhfad ón bhfaireog inchríneach bhunaidh. Táltar na hormóin de ghnáth isteach in imshruthú na fola agus ansin iompraíonn an fhuil an hormón go dtí na sprioc-chealla. Sa tslí ina bhfeidhmíonn na hormóin ar fhíocháin áirithe chun a bhfeidhmiúcháin sin a mhodhnú, tá na faireoga inchríneacha ceangailte go dlúth leis an gcórasg[[córas néarógach]], mar a bheadh dhá chóras chomhthreomhara chomhlántacha iontu.
 
 
Líne 104:
 
 
==Baictéir agus Vírisvíris==
 
===Baictéir===
Líne 123:
 
 
===An Córascóras Imdhíonachimdhíonach===
 
Is é an córas imdhíonach an córas inmheánach sa chorp daonna a dhéanann an corp a chosaint i gcoinne baictéar agus víreas. Nuair a dhéanann baictéir nó víris ionradh ar a gcorp tagann cealla bána na fola timpeall orthu agus cruthaíonn siad antashubstaintí ar leith chun iad a ionsí. Déanann na cealla bána na hionraitheoirí neamhurchóideach nó daingníonn iad go dtí go n-itheann na cealla bána iad amach is amach. Fanann na hantashubstaintí seo sa chorp le blianta tar éis ionradh baictéar nó víreas, ionas go mbíonn an corp réidh b’fhéidir ar feadh saol an duine ina dhiaidh sin, chun cosaint i gcoinne an ghalair sin agus fiú an galar sin a sheachaint. Tá galair áirithe víreas ann áfach, AIDS mar shampla, a mhilleann na cealla gníomhacha sa chóras imdhíonach agus a fhágann an corp gan chosaint i gcoinne a lán galar tógálacha agus cealla ailseacha.
Líne 154:
Córacha leighis iad seo a spreagann an chorp chun antashubstaintí a chruthú a dhíreódh ar agus a d’ionsódh galrú ar leith. Den chuid is mó is é a bhíonn i vacsaín ná dáileog éadrom den ghalar, is é sin baictéir nó víris lagaithe nó mharbha den ghalar. Tar éis an bhabhta éadroim sin den ghalar, fanann na hantashubstaintí sa chorp chun cosaint a sholáthar i gcoinne an ghalair sin aon am ina dhiaidh sin. Le déanaí táthar in ann mír bheag den víreas a úsáid chun an fhreagairt imdhíonach a spreagadh agus laghdaíonn sé seo an baol beag go spreagfadh an víreas iomlán lag frithghníomhú baolach i ndaoine áirithe.
 
Ba sa bhliain 1798 a d’fhionn an dochtúir Sasanach, [[Edward Jenner]] gur féidir daoine a imdhíonadh i gcoinne víris amháin le víreas eile. Is amhlaidh a thaispeáin sé gur féidir an bholgach mharfach a sheachaint i ndaoine le hionaclú den víreas bolgach bó, atá baolach do bha ach nach bhfuil baolach do dhaoine. Is ón ainm Laidineach don bholgach bó, vaccina, a d’ainmnigh Jenner an próiseas seo vacsaíniú. Ina dhiaidh sin fuair Louis Pasteur amach de thaisme gur féidir foirm ghéar de ghalar a athrú ina fhoirm éadrom tríd an micrea-orgánach is cúis leis a lagú le teas, mar shampla. Uaidh sin d’fhéadfaí an fhoirm éadrom den ghalar a úsáid chun imdhíonadh a sholáthar. Is ar an mbonn seo a shaothraigh Pasteur vacsaíní i gcomhair raon leathan galar.
 
 
Líne 171:
==Feinilcéatanúiréa==
 
Easnamh einsím a chabhraíonn le díbriú an aimínea-aigéid, [[feiniolailinín]], as an gcorp, is bun leis an aicíd seo. Ta gá le feiniolailinín sa chorp ach tarlaíonn droch-éalang mheabhrach má tá an iomarca de sa chorp. Is féidir an leanbh a thástáil go luath tar éis a bhreithe, féachaint an bhfuil an aicíd seo aige agus is féidir í a leigheas, nó ar a laghad a láimhseáil, le cothú ina bhfuil ar éigin dóthain feiniolailinín.
 
==Anaemacht chorrán-chille==