An difríocht idir athruithe ar: "Bitheolaíocht na gceall"

Content deleted Content added
→‎Frithbheathaigh: ce, nascanna
Líne 116:
==Frithbheathaigh==
 
Tá níos mó ná leathchéad bliain ann ó d’fhionn [[Alexander Fleming]] [[peinicillin]] agus ag an am sin mhill an frithbheathach seo an-chuid bhaictéar go fíor-éifeachtach. Measadh ag an am agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin go raibh [[cógas]] lán-éifeachtach ag an gcine daonna chun na galair go léir a tharlaíonn de bharr baictéar a chloí. Ach ní mar a shíltear a bítear. Is amhlaidh a chúlthroid na baictéir ar shlí a thuigtear anois a bheith bunaithe ar chineálacha baictéar a bhí frithbheartach i gcoinne na peinicilline, ionas gur tháinig na cineálacha sin chun treise díreach nuair a milleadh na cineálacha eile. Faoi seo tá suas le 50% de na baictéir a chuireann tús le galruithe i gconair an mhúin lán-fhrithbheartach i gcoinne pheinicilline.
 
Ní fheidhmíonn na frithbheathaigh atá go hiontach i gcoinne baictéar, i gcoinne víreas ar chor ar bith. Ach freagraíonn an córas imdhíonach ionradh víris ar dhá bhealach. Táirgeann an córas [[antashubstaintí]] a ghabhann na víris mar antaiginí[[antaigin]]í. Cuimhníonn an córas ar conas na hantashubstaintí seo a dhéanamh ar feadh i bhfad tar éis an ghalraithe thosaigh. Chomh maith leis sin táirgeann an córas imdhíonach [[inteirféarón]], próitéin ar leith a chuireann cosc ar scaipeadh an víris go dtí cealla sláintiúla.
 
 
===An córas imdhíonach===
 
Is é an córas imdhíonach an córas inmheánach sa chorp daonna a dhéanann an corp a chosaint i gcoinne baictéar agus víreas. Nuair a dhéanann baictéir nó víris ionradh ar aan gcorp tagann cealla bána na fola timpeall orthu agus cruthaíonn siad antashubstaintí ar leith chun iad a ionsíionsaí. Déanann na cealla bána na hionraitheoirí neamhurchóideach nó daingníonn iad go dtí go n-itheann na cealla bána iad amach is amach. Fanann na hantashubstaintí seo sa chorp le blianta tar éis ionradh baictéar nó víreas, ionas go mbíonn an corp réidh b’fhéidir ar feadh saol an duine ina dhiaidh sin, chun cosaint i gcoinne an ghalair sin agus fiú an galar sin a sheachaint. Tá galair áirithe víreas ann áfach, AIDS mar shampla, a mhilleann na cealla gníomhacha sa chóras imdhíonach agus a fhágann an corp gan chosaint i gcoinne a lán [[galar tógálachatógálach]] agus cealla ailseacha.
 
Is é atá i gceist nuair a imdhíontar an corp le vaicsín de ghalar ná an corp a spreagadh chun antashubstaintí ar leith a chruthú le cealla neamhurchóidachaneamhurchóideacha den ghalar sin. Fanann na hantashubstaintí seo san fhuil ar feadh na mblianta chun cosaint i gcoinne an dhrochghalair sin.
 
==Antaiginí agus antashubstaintí==