An difríocht idir athruithe ar: "Ré na Práinne"

no edit summary
m (robot Adding: es:La Emergencia)
'''Ré na Práinne''' (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma [[Béarla]] ''Emergency'') a thugtar ar bhlianta an [[Dara Cogadh Domhanda]] in [[Éire|Éirinn]] ([[1940]]-[[1945]]). Bhí [[Tuaisceart Éireann]] ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an [[Saorstát Éireann|Saorstát]] taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.
 
Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun [[naTuaisceart Sé Chontae]]Éireann a ghabháil ar ais agus [[Sasana]] i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe. Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]].
 
De réir mar a deir [[Thomas Hennessy]] ina leabhar ''[[The History of Northern Ireland]]'', bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag [[Adolf Hitler|Hitler]], agus iad suite siúráilte go raibh an [[Naitsíochas]] ag iarraidh an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] a chur de dhroim an tsaoil. Bhí an [[Tiarna Craigavon]], a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha an tsaoil, an mbeadh sé sásta [[An Teorainn Éireannach|an Teorainn]] a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine. Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na h[[Aontachtóirí]] i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na g[[Caitliceach]], ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.
Úsáideoir gan ainm