An difríocht idir athruithe ar: "Sevilla"

Content deleted Content added
m Ag baint ES_Sevilla,_location_map_.png amach, agus ag chur ES_Sevilla,_location_map.png isteach mar ionadúchán. (Scrios Steinsplitter...
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 7:
Tá an chathair fada go leor ón bhfarraige, ach bhí sí ina calafort an-tábhachtach fadó nuair a bhí níos mó uisce san abhainn. Ba go Sevilla a tugadh formhór an airgid a ghoid lucht an choncais i dtíortha as Meiriceá Láir agus Meiriceá Theas, agus is aisti a sheoil cabhlach taiscéalaíochta [[Ferdinand Magellan|Magellan]]. Chuaigh na longa sin timpeall an domhain, ach níor fhill ar Sevilla ach árthach amháin a bhí luchtaithe le spíosraí.
 
Bhí na Liobrálaigh i gceannas ar Sevilla le linn an chogadh cathartha a bhí sa Spáinn idir [[1829]] agus [[1832]]. I g[[Cogadh Cathartha na Spáinne]] sa bhfichiú haois, ní raibh moill ar [[Franco]] an chathair a ghabháil lena arm as an Afraic.
 
Bíonn Sevilla an-te i rith an tsamhraidh, agus an teocht thar 50 céim C. Tá an-cháil ar amhráin agus ar dhamhsaí an réigiúin.