An difríocht idir athruithe ar: "Zyklon B"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Is é is '''Zyklon B''' ann ná ainm tradála ar ullmhóid ciainíde a bhí in úsáid ag na Naitsithe nuair a bhí siad ag marú na sluaite Giúdach sna seomraí gáis le linn an [[...
 
No edit summary
Líne 3:
Tá éifeachtúlacht Zyklon B bunaithe ar an gciainíd. Cuireann an t-ian ciainíde CN<sup>-</sup> ruaigeadh ar an móilín ocsaigine as haemaglóibin na fola le dul ina áit. Ós rud é go bhfuil ceangal na ciainíde den haemaglóibin níos láidre ná ceangal na hocsaigine, ní féidir leis an haemaglóibin chiainídithe ocsaigin a iompar a thuilleadh, agus mar sin, tachtfar an t-íobartach, fiú má bhíonn flúirse ocsaigine le fáil san aer.
 
Le linn an Uilelosctha, d'úsáidtí Zyklon B ar dtús leis na dreancaidí a bhaint de na príosúnaigh. I dtús na bliana 1940, áfach, baineadh an chéad triail as i marú na ndaoine, nuair a tachtadh grúpa de Ghiofóga óga ó [[Brno]] i m[[Buchenwald]]. In [[Auschwitz]], tugadh Zyklon B isteach ar an tríú lá de Mhí Mheán Fómhair 1941, nuair a maraíodh sé chéad cime cogaidh ón Aontas Sóivéadach agus dhá chéad go leith de chimí tinne cogaidh ón bPolainn leis.