An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"

Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
Líne 101:
 
=== Oidhreacht an Ghorta in Éirinn ===
[[Íomhá:Famine sculpture in front of the International Financial Services Centre Dublin 2006 Kaihsu Tai.jpg|clé|250px|thumb|Dealbh cuimhneacháin i m[[Baile Átha Cliath]].]]
An té ar cás air cás na Gaeilge, is é an chéad rud a shamhlóidh sé le h-”oidhreacht” an Drochshaoil ná imeacht na Gaeilge as úsáid sa chuid is mó den tír. Cé go raibh an Béarla ag cúngú ar an nGaeilge ón tseachtú haois déag i leith, ar a laghad, bhí sracadh sa teanga fós i dtús na naoú haoise déag, agus líon a cainteoirí ag dul i méadaíocht. Sa bhliain 1845, bhí an teanga ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine in Éirinn, ach ó b'iad lucht labhartha na Gaeilge ba mhó a bhí thíos leis an ngorta agus leis an imirce araon, ní raibh ach duine as an mbeirt acu siúd fágtha sa tír sé bliana ina dhiaidh sin. Rud eile fós gur thréig cuid mhór acu siúd féin an Ghaeilge, ó bhí an chuma ar na cúrsaí anois nach bhféadfá maireachtáil ar aon nós gan an Ghaeilge a chur uait agus an Béarla a tharraingt chugat mar aonteanga labhartha.