An difríocht idir athruithe ar: "Dietrich Bonhoeffer"

Content deleted Content added
m Robot: de:Dietrich Bonhoeffer is a good article; athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Bonhoeffer-1932.jpg|thumb|Dietrich Bonhoeffer - 1932]]
Diagaire [[Protastúnachas|Protastúnach]] ón [[An Ghearmáin|nGearmáin]] ab ea é '''Dietrich Bonhoeffer''' (saolaíodh i m[[Wrocław|Breslau]] ar an [[4 Feabhra]] [[1906]] é, agus fuair sé bás i gcampa géibhinn [[Flossenbürg]] ar an [[9 Aibreán]] [[1945]]) a ghlac páirt ghníomhach i gcomhcheilg [[Claus Schenk von Stauffenberg|Stauffenberg]] in aghaidh [[Adolf Hitler|Hitler]], cé go raibh sé ina chime cheana féin nuair a cuireadh iarracht mharaithe an deachtóra i gcrích.
 
Bhain sé amach dintiúirí an dochtúra le diagacht nuair nach raibh ach ceithre bliana fichead d'aois slánaithe aige, agus chaith sé seal sna [[SAM|Stáit Aontaithe]] agus sa [[An Spáinn|Spáinn]], sula bhfuair sé oifig eaglasta. Nuair a tháinig na [[Naitsíochas|Naitsithe]] i gcumhacht sa Ghearmáin, bhí sé ón tús go tréan in aghaidh an fhrith-Ghiúdachais, agus é ag cur go misniúil i gcoinne iarrachtaí na Naitsithe a n-idé-eolaíocht féin a chur i bhfeidhm ar eaglais Phrotastúnach na Gearmáine. Sa bhliain 1938, chuaigh sé leis an gcomhcheilg in aghaidh Hitler. Bhí sé ina eagraí mór i saol na heaglaise agus é i gceannas ar sheimineár rúnda diagachta i mblianta an Naitsíochais.