An difríocht idir athruithe ar: "Na Máigigh"

Content deleted Content added
m Robot: mk:Мајанска цивилизација is a featured article; athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 12:
== Teanga ==
Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.<ref>[http://www.inegi.gob.mx/est/contenidos/espanol/rutinas/ept.asp?t=mlen10&c=3337 Población hablante de lengua indígena de 5 y más años por principales lenguas, 1970 a 2005] INEGI</ref><ref name="Gordon, Raymond G. 2005">Gordon, Raymond G., Jr. (ed.). Ethnologue, (2005).</ref>
 
== Sna Meáin ==
 
Sa bhliain 2006 rinne Mel Gibson scannán faoi laethanta deireanacha na sibhialtachta Máigí roimh theacht na Spáinneach, faoin teideal ''Apocalypto''. Ba í an teanga ''Yucatec'' an t-aon teanga a bhí le cloisteáil ar an scannán, agus fotheidil ag dul leis an gcomhrá. Bhí na léirmheastóirí idir eatarthu faoin scannán. Dúirt cuid acu go raibh an-chraiceann fírinne ar an scannán, ach fuair an chuid eile locht ar an gcur síos a thug an scannán ar íobairt na ndaoine: bhí sé ní ba chosúla le nósanna na nAstacach, dar leo.
 
{{commonscat|Maya|Máigigh}}