An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"

Content deleted Content added
Líne 5:
== A mhuintir ==
 
Ba dheartháracha leis an scríbhneoir [[Seosamh Mac Grianna]] agus an seanchaí [[Seán Bán Mac Grianna]]. Breacadh cuid mhaith seanchais síos óna dheirfiúr [[Annie Bhán]] freisin. B'é '''JimJimí Fheidhlimí''' an t-ainm a bhí ag muintir na háite air, nó bhí a athair, Feidhlimí Dhónaill Phroinsiais, ar an t-aon fhear amháin i ReannRann na Feirste arbh ainm dó Feidhlimí. Níl i gceist le "Ó Grianna" ach Gaelú ar shloinne oifigiúil a mhuintire, mar atá, Greene. De réir an taighde a rinne Seán Bán, b'é "Grenery" nó "Mac Grianra" an leagan ba chirte.
 
== A shaol ==
Líne 17:
Nuair a tháinig na Poblachtánaigh i gcumhacht, fuair Séamus Ó Grianna oifig gan chúram sa státseirbhís a chuir ar a chumas obair scríbhneoireachta a dhéanamh. Bhí sé in ann beagnach tríocha leabhar a chríochnú lena shaol, idir dhíolamaí gearrscéalta, úrscéalta agus dhírbheathaisnéis.
 
Bhí Séamus pósta, murab ionann agus a dheartháir, Seán. Is é an grá leatrom príomhthéama a chuid scríbhneoireachta, rud a cheadaíonn don léitheoir a shíleadh go gcaithfidh sé nach raibh an t-ádh leis agus é ar lorg grá ina fhear óg dó. Nuair a fuair sé é féin in ospidéal agus é an dá scór d'aois cheana, thug sé taithneamh agus teasghrá do bhean óg a bhí ina banaltra ansin, agus b'é dea-dheireadh an scéil sin go ndeachaigh an brat pósta ar an dís acu.
 
Díol suntais é nach labhraíodh Séamus Ó Grianna focal Gaeilge lena bhean - bhí sise dall ar an teanga cibé scéal é - ná lena chlann, a tógadh i mBaile Átha Cliath. Mar is éasca a aithint ar a chuid leabhar dírbheathaisnéise, fuair sé é féin náirithe go hiomlán ina stócach beag dó, agus an múinteoir ag caitheamh anuas air is á bhualadh toisc é a bheith gan focal Béarla ina phluc. Is dealraitheach go ndeachaigh drochbhuille an chéad lá scoile go domhain i bhfeidhm air, agus náire na Gaeilge ag luí go searbh air. Nuair a tháinig sé i gcrann, d'fhoghlaim sé scoth an Bhéarla, agus é in ann an-ionsaí béil a dhéanamh sa teanga sin féin orthu siúd a shíl an dúrud díobh féin, cosúil le "lucht na veistí bána" (an mheánaicme uirbeach) agus lucht na n-ollscoileanna, ar ar thug sé ''congenital idiocy mumbling inanities in university robes'' ("amadáin chruthanta ag monamar baothchainte agus a gcuid róbaí ollscoile orthu").
 
Ní raibh Séamus ródhóchasach as todhchaí na Gaeilge riamh, agus é ag titim in umar an éadóchais ar fad de réir mar a bhí sé ag druidim le deireadh a shaoil. D'fhág sé iontas, alltacht agus fearg ar lucht na Gaeilge, nuair a chuaigh sé leis an ''Language Freedom Movement'', brúghrúpa frith-Ghaeilgeoireachta a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh as na scoileanna. Údar marana agus machnaimh do lucht na Gaeilge inniu féin go dtréigfeadh duine de mháistrí móra na Gaeilge an chúis ar dhóigh chomh suarach sin.