Content deleted Content added
Líne 89:
Haigh a Sheomac.<br>
Go raibh maith agat as an teachtaireacht faoi Simon Tam agus na hainmneacha eile. Níor thuig me na rialacha agus tá brón orm. Mar sin bhog mé Sean Maher agus Malcolm Reynolds fresin. Tuigim anois cad atá i gceist maidir le hainmneacha carachtar ach ar an drochuair, táim fós caillte maidir le daoine réadacha. Cen fáth go bhfuil aistriúchán le haghaidh daoine ar nós [[Criostóir Colambas]], [[Iósaf Stailín|Stailín]] agus [[Vlaidímír Leinín|Leinín]]? Ach níl gaeilge le haghaidh neart daoine eile? Cé atá i gceannas maidir le ainmneacha gaelacha a thabhairt amach? An bhfuil siad san fhoclóir? Tá fhois agam go bhfuil ainmneacha gaelacha ag daoine Éireannacha mar shampla Éanna Ó Coinnigh nó Máire Mhic Ghiolla Íosa agus a leithid, ach táim seaghas cinnte nach raibh ainm gaelach ag Stalin fadó! Ábhar craiceáilte is ea, tá fhois agam, ach ba mhaith liom rialacha na Vicipeide a thuiscint. Go raibh maith agat arís. [[Úsáideoir:An Eagarthóir|An Eagarthóir]] ([[Plé úsáideora:An Eagarthóir|talk]]) 21:47, 11 Lúnasa 2014 (UTC)
:Daoine eile a chum Criostóir Colambas, Stailín agus Leinín. Tá ainmneacha mar sin le fáil insna téacsleabhair, i litríocht agus iriseoireacht na Gaeilge, srl. Tá a lán ainmneacha dílse le fáil ag Focal.ie agus liosta ainmneacha tíortha, srl. i leaganacha den Chaighdeán Oifigiúil.
 
:Socraíodh ar a lán de na rialacha anseo sular tháinig mé féin go Vicipéid na Gaeilge. Bíonn sé níos éasca mura bhfuil cead ár gcinn againn--agus cuma níos fearr ar Vicipéid chomh maith. Mar a scríobh mé cheana, tá saoirse áirithe againn--an iomarca, b'fhéidir, mar feicim drogall ar dhaoine daoine eile a cheartú agus polasaithe Wikipedia a chur i bhfeidhm (fiú sular chaill muid Guliolopez). Ach de ghnáth seachnaíonn na rialacha achrann. [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 00:31, 12 Lúnasa 2014 (UTC)