An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Flaithearta"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 16:
}}
Scríbhneoir [[Éire]]annach ba ea '''Liam Ó Flaithearta''' ([[28 Lúnasa]], [[1896]] - [[7 Meán Fómhair]], [[1984]]). I m[[Béarla]] a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, ''[[Dúil (Cnuasach gearrscéalta)|Dúil]]'', agus scríobh sé dánta [[Gaeilge]] ó am go chéile. Tugtar ''Liam Ó Flaithbheartaigh'', nó ''Liam O'Flaherty'' as Béarla, air freisin. Ba scríbhneoir freisin é [[Tom O'Flaherty]], deartháir leis.
 
Tá an Liam & Tom O'Flaherty Society bunaithe, a eagraíonn "Féile na bhFlathartach" gach bhliain in Inis Mór. Tá [https://www.facebook.com/pages/Liam-and-Tom-OFlaherty-Society/154178324729576 suíomh acu ar facebook] a thugann eolas agus tuairiscí ar na h-imeachta sa chumann
 
== Saol ==
Rugadh an Flaitheartach ar an 28 Lúnasa 1896 i n[[Gort na gCapall]] in [[oileáin Árann|Árainn]]. Chuaigh sé ar [[Choláiste Charraig an Tobair|Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] agus ar [[Coláiste na Carraige Duibhe|Choláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]], agus ansin ar [[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath|Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]], cé nárbh fhada ann é. Chuaigh sé in arm Shasana sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí thainig lé aige leis an g[[Cumannachas]] agus bhí sé páirteach in agóid shóisialach sa Rotunda i m[[Baile Átha Cliath]], rud nár mhair ach cupla lá. Chuaigh sé chun [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] ina dhiaidh sin, áit ar mhol a dheartháir Tom dó dul i mbun pinn, rud a rinne se i dtús báire d'iris Chumannach a bhí Tom a chur in eagar.
 
== Saothair ==
Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí amach air mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin.
 
Ar na úrscéalta a scríobh sé tá ''Famine'', ''The Black Soul'', ''Return of the Brute'', ''The Informer'', ''The Assassin'', ''The Martyr'', ''Land'', ''The Pilgrim'', ''Insurrection'', ''The Wilderness'', ''Thy Neighbour's Wife'', ''Mr Gilhooley'', agus ''Skerritt''.

Cuireadh trí leabhar beathaisnéise leis i gcló: ''I went to Russia'', ''Two Years of my Life'', agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, ''Shame the Devil''.
 
Scríobh sé a lán gearrscéalta lena chois sin. Orthu sin tá ''Spring Sowing'', ''Two Lovely Beasts'' agus cnuasaigh éagsúla eile, mar aon le cnuasach Gaeilge, ''[[Dúil (Cnuasach gearrscéalta)|Dúil]]''.