An difríocht idir athruithe ar: "Simon Cowell"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Simon Cowell in December 2011.jpg|mion|Simon Cowell sa bhliain 2011]]
Is léiritheoir ceoil agus pearsa teilifíse é '''Simon Phillip Cowell''' a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair 1959. Ba bhreitheamh é ar an gclár teilifíse ''[[The X-Factor]]'' a chuir sé tús leis sa bhliain 2004. Tá cónaí air in [[Beverly Hills]], [[California]], faoi láthair.
 
Tá clú air as an mbealach borb a gcuireann sé locht ar na hiomaitheoirí ar ''The X-Factor''.
 
== Óige Simon Cowell ==
Rugadh Cowell in [[Lambeth]], i [[Londain]] Shasana agus tógadh é in Elstree, [[Hertfordshire]]. Bhíodh a mháthair, Julie Brett (née Josie Dalglish), ina damhsóir [[bailé]], agus feimeannach i dtionscal an cheoil ab ea a athair, Eric Selig Phillip Cowell, Sr. (1918–1999). Bhí lámh aige seo le forbairt gníomhaireachtaí eastáit chomh maith. Ba de shliocht Sasanach a mháthair agus de shliocht [[An Pholainn|Polannach]] a athair. [[Críostaí|Críostaithe]] iad muintir a mháthar agus ba [[Giúdaigh|Ghiúdaigh]] iad formhór a shinsear Pholannach, cé nár labhair athair Simon lena chlann faoi ariamh. Tá deatháir níos óige ag Simon Cowell, chomh maith le triúr leasdeartháireacha agus leasdeirfiúr amháin.
 
D'fhreastail Cowell agus a dheartháir ar Radlett Preparatory School agus ar Dover College, scoil neamhspleách. D'imigh sé i ndiaidh na scrúdaithe leibhéil O a dhéanamh. Rinne sé staidéar ar an mBéarla agus ar an litríocht agus bhain sé GCE amach in socheolaíocht. Bhain sé GCE eile in socheolaíocht in Windsor Technical College. In aois a sheacht mbliana déag bhí sé ag siúl amach le Paula Hamilton, mainicín. Ghlac Cowell roinnt post ag scamhadh geatairí do dhaoine—mar theachtaire le linn déanamh an scannáin úd de chuid [[Stanley Kubrick]], ''The Shining'', mar shampla—ach níor réitigh sé go maith lena chuid comhghleacaithe agus maor. Sa deireadh d'éirigh lena athair post a fháil dó i seomra an phoist ag EMI Music Publishing, mar a raibh a athair ina fheidhmeannach ag an am.
 
 
== Tagairtí ==