An difríocht idir athruithe ar: "Árainn Mhór"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 27:
In aimsir an drochshaoil bhí deacrachtaí airgid ag muintir Conyngham agus bheartaigh siad ar an oileán a dhíol. Cheannaigh John Stoupe Charley an t-oileán agus tháinig sé chun cónaí air. Thóg sé teach solais úr, muileann, scoileanna, beairic agus teach mór dó féin. Bhí sé dian go leor ar na tionóntaí, agus tá fianaise ann go raibh na Molly Maguires gníomhach ar Árainn Mhór ag an am. Chuir sé tús le scéim imirce do bhunadh an oileáin, agus ghlac go leor daoine lena thairiscint. D'íoc sé as a bpasáiste go [[SAM|Meiriceá]], ach bheadh ar an teaghlach ar fad imirt thar lear agus ní bheadh cead acu teacht ar ais go deo. D'imigh go leor de na daoine seo go [[Chicago]] agus chuaigh cuid mhaith díobh chun cónaí ar oileán ar Loch Michigan, Oileán na mBéabhar, áit a raibh an Ghaeilge le clos suas go dtí na 1920í.
 
== An t-oileán sa atá inniu ann ==
Tá cónaí ar an gcuid is mó de na daoine ar chóstaí thoir agus theas an oileáin. Bhí daonra de 1,500 ar Árainn Mhór sna daichidí, breis is 600 sa bhliain 1996, 543 sa bhliain 2002 agus 528 sa bhliain 2006. Níl an iascaireacht ábalta daoine a choinneáil ar an oileán a thuilleadh agus b'éigean do chuid mhór daoine óga imeacht go mórthír na [[Éire]]ann, go Meiriceá, nó go dtí [[an Bhreatain]].