An difríocht idir athruithe ar: "Firefly (sraith teilifíse)"

Content deleted Content added
Líne 70:
 
=== Roghnú aisteoirí ===
Nuair a thosaigh Whedon ag ullmhú le haghaidh léiriúchán na sraithe, bhí caidreamh carasmatach idir na haisteoirí ag teastáil leis. Phioc sé an naonúr roimh scannánaíocht le scannánaíocht Morena Baccarin, mar roghnaigh sé Rebecca Gayheart le haghaidh ról Inara ar dtús, ach shocraigh sé níos déanaí nach mbeadh sí oiriúnach le haghaidh an ról.<ref>"Firefly: the complete series" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Rinne Baccarin triail aisteora dhá lá i ndiaidh sin. Athchuimnigh sí nuair a fuair sí an ról (a céad clár teilifíse), thug Whedon í isteach sa seomra tástála sa stiúideo cosúil le "daid bródúil".<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 68 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Dar le Sean Maher, nuair a bhuail an fhoireann aisteoirí le chéile le haghaidh uair, bhí nasc mothaitheach le feiceáil ar an toirt.<ref> "Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 132 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref>
 
Bhí aithne ag Whedon ar Nathan Fillon mar gheall ar a chuid oibre ar a chláir eile ''Buffy the Vampire Slayer'' agus ''Angel'', agus mar sin ba ea é an chéad rogha le haghaidh ról Mhail. Nuair a thaispeáin Whedon coincheap an chláir dó, bhí sceitimíní air chun an ról a ghlacadh. Nuair a chuireadh an clár ar ceal, dúirt Fillon go raibh sé "croíbhriste", ach ba é ról Mhail i Firefly a rogha rhóil a bhí aige riamh.