An difríocht idir athruithe ar: "Firefly (sraith teilifíse)"

Content deleted Content added
Líne 74:
Bhí aithne ag Whedon ar Nathan Fillon mar gheall ar a chuid oibre ar a chláir eile ''Buffy the Vampire Slayer'' agus ''Angel'', agus mar sin ba ea é an chéad rogha le haghaidh ról Mhail. Nuair a thaispeáin Whedon coincheap an chláir dó, bhí sceitimíní air chun an ról a ghlacadh.<ref>[http://www.whedon.info/article.php3?id_article=1531&img= Agallamh le Nathan Fillon ó Dreamwatch Magazine 107 (9-9-2003)] - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Nuair a chuireadh an clár ar ceal, dúirt Fillon go raibh sé "croíbhriste", ach ba é ról Mhail i Firefly a rogha rhóil a bhí aige riamh.<ref>"Firefly: the complete series: Here's How It Was: The Making of Firefly" Tráchtaireacht DVD - Aisghabháil: 4-9-2014</ref>
 
Ársa aisteora maidir le cláir ficsean eolaíochta ab ea í Gina Torres (''Hercules: The Legendary Journeys'', ''Cleopatra 2525'', ''Alias'') agus ní raibh suim aici ról i gclár ficsean eolaíochta eile a ghlacadh ag an am. Ach sa deireadh chuir coincheap na sraithe agus sampla scripte í ina luí ar an ról a ghlacadh.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 40 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Thaithin an téama léi agus an idé go raibh "carachtair dúshlánaithe ina gconaí in domhan dúshlánach", agus dar léi chruthaigh sé modh seanchais maith.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 40 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref>
 
Rinne Alan Tudyk a hiarrtas le haghaidh ról i Firefly in oifig aisteoireachta agus thug an fhoireann léiriúcháin cuireadh dó triail aisteora cúpla mí ina dhiaidh sin. Chuir sé an ról i láthair le beirt Zoey ionchasacha. Ar deireadh thiar fuair Gina Torres ról Zoey agus thug an fhoireann léiriúcháin eolas dó go bhfuair sé an ról. Tá a thaifeadadh trialach san áireamh mar gné speisialta ar DVD na sraithe.