An difríocht idir athruithe ar: "Firefly (sraith teilifíse)"

Content deleted Content added
Líne 76:
Ársa aisteora maidir le cláir ficsean eolaíochta ab ea í Gina Torres (''Hercules: The Legendary Journeys'', ''Cleopatra 2525'', ''Alias'') agus ní raibh suim aici ról i gclár ficsean eolaíochta eile a ghlacadh ag an am. Ach sa deireadh chuir coincheap na sraithe agus sampla scripte í ina luí ar an ról a ghlacadh.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 40 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Thaithin an téama léi agus an idé go raibh "carachtair dúshlánaithe ina gconaí in domhan dúshlánach", agus dar léi chruthaigh sé modh seanchais maith.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 40 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref>
 
Rinne Alan Tudyk a hiarrtas le haghaidh ról i Firefly in oifig aisteoireachta agus thug an fhoireann léiriúcháin cuireadh dó triail aisteora cúpla mí ina dhiaidh sin. Chuir sé an ról i láthair le beirt Zoey ionchasacha. Ar deireadh thiar fuair Gina Torres ról Zoey agus thug an fhoireann léiriúcháin eolas dó go bhfuair sé an ról.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 60 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Tá a thaifeadadh trialach san áireamh mar gné speisialta ar DVD na sraithe.
 
Rinne Sean Maher agus Summer Glau a dtrialacha aisteoirí ar an lá céanna. D'éirigh Maher go maith le Whedon agus an fhoireann, agus thaithin ról Simon leis. Bhí aithne ag Whedon ar Glau cheana féin nuair a d'oibrigh sé léi sa chlár ''Angel'' mar Phrima Ballerina agus chuaigh an trial i bhfeidhm leis. D'fhoglaim an bheirt dhá sheachtain níos déanaí go mbeadh siad ag glacadh ról Simon agus River Tam faoi seach.