An difríocht idir athruithe ar: "Firefly (sraith teilifíse)"

Rinne Alan Tudyk a hiarrtas le haghaidh ról i Firefly in oifig aisteoireachta agus thug an fhoireann léiriúcháin cuireadh dó triail aisteora cúpla mí ina dhiaidh sin. Chuir sé an ról i láthair le beirt Zoey ionchasacha. Ar deireadh thiar fuair Gina Torres ról Zoey agus thug an fhoireann léiriúcháin eolas dó go bhfuair sé an ról.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 60 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Tá a thaifeadadh trialach san áireamh mar gné speisialta ar DVD na sraithe.
 
Rinne Sean Maher agus Summer Glau a dtrialacha aisteoirí ar an lá céanna. D'éirigh Maher go maith le Whedon agus an fhoireann,<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 132 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> agus thaithin ról Simon leis. Bhí aithne ag Whedon ar Glau cheana féin nuair a d'oibrigh sé léi sa chlár ''Angel'' mar Phrima Ballerina agus chuaigh an trial i bhfeidhm leis. D'fhoglaim an bheirt dhá sheachtain níos déanaí go mbeadh siad ag glacadh ról Simon agus River Tam faoi seach.
 
Cé nach raibh aon taithí ag Ron Glass ar chláir iartharacha ná ar chláir ficsean eolaíochta ach an oiread roimh Firefly, nuair a léigh sé an script le haghaidh an chéad eipeasóid, thit é i ngrá lena charachtar: Shepherd Book.
832

edits