An difríocht idir athruithe ar: "Garrfhicsean"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
link to Sasanach
Líne 60:
Is iomaí laoch de chuid an gharrfhicsin a chuaigh i dtáin an phopchultúir dhomhanda, go háirithe iad siúd ar chuir [[Hollywood]] suim iontu. An laoch a tháinig ar an bhfód sa gharrfhicsean, is minic a chonacthas sna greannáin agus ar na scannáin é freisin.
 
* "[[Biggles]]", nó an t-eitleoir James Bigglesworth. Ba é an Captaen William Earl Johns, eitleoir [[Sasanach]], a chruthaigh an t-eachtránaí seo. Bhí tuiscint mhaith ag Johns ar a cheird, agus é ábalta eachtraí dúisitheacha aeir a scríobh a chuirfeadh sceitimíní ar an léitheoir. Ón taobh eile de, bíonn Biggles ina ábhar conspóide inniu toisc go bhfuil ciníochas an Impiriúlachais le haithint ar na scéalta sách minic.
 
* [[Buck Rogers]], laoch spáis. Bhí tábhacht nár bheag ag an gcarachtar seo i stair an fhicsin eolaíochta, nó is féidir a rá gur tharraing Buck Rogers súil na sluaite móra ar an spás mar stáitse do scéalta eachtránaíochta.