An difríocht idir athruithe ar: "Reachtas Aspalda Eoin Máire Vianney Naofa"

Content deleted Content added
ce
No edit summary
Líne 1:
Aonad rialtais faoi leith taobh istigh den [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]] is ea an '''Reachtas Aspalda Pearsanta Eoin Máire Vianney Naofa'''. Idir 1949 agus 1981, ba é Dom Antonio de Castro Meyer Easpag Champos sa Bhrasaíl. Tar éis an [[Dara ChomhairleComhairle VatacáineVatacánach]], choimeád an tEaspag de Castro Meyer an t[[Aifreann Laidineach]] i bhfeidhm, cé nár chuir sé cosc ar Aifreann nua an [[Pápa Pól VI]] i b[[Portaingéilis]]. Nuair a bhí ar an tEaspag de Castro-Meyer éirí as, tháinig scoilt idir na tradisiúineóirí agus na liobráiligh i ndeoise Champos. Chuaigh an t-iareaspag i gcomhaontas leis an Ardeaspag Marcel Lefebvre. Rinne an [[Pápa Eoin Pól II]] coinnealbhá ar an mbeirt acu nuair a choiscrigh siad ceathrar sagart ina n-easpag gan cead ar 30 Meitheamh 1988.
 
Mhair an tEaspag de Castro-Meyer go dtí 25 Aibreán 1991 agus é ina uachtrán ar Aontas Sagartúil Naomh Eoin Vianney. Thogh na sagairt an Athair Licinio Rangel i gcomharbacht air. Choiscrigh triúir easpag coinnealbháite an tAthair Rangel in Iúil 1991. Coinnealbhádh an tEaspag Rangel comh maith ina dhiaidh.