An difríocht idir athruithe ar: "Washington"

Content deleted Content added
Líne 54:
Ní raibh sé i bhfad áfach gur bhain na Sasanaigh cósta thiar thuaidh Mheiriceá Thuaidh amach freisin, agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánaigh]] ar a sála. Tháinig an Captaen [[James Cook]], taiscéalaí Sasanach cáiliúil, sa bhliain 1778, ach mar gheall ar an drochaimsir a bhí ann, ní dheachaigh sé i dtír. Tháinig Sasanach eile, [[George Vancouver]], sa bhliain 1792, agus rinne sé suirbhéireacht ar Shunda Puget agus ar Mhurascaill Georgia. Chuir comhlacht i m[[Bostún]] an Captaen Robert Gray chuig Washington le trádáil ar son fionnadh. Bhain sé béal Abhann na Columbia amach sa bhliain 1792 agus as sin a d'éiligh na Stáit Aontaithe teideal ar an réigiún den chéad uair. Bunús an dara héileamh Meiriceánach air ná an tsluaíocht Lewis agus Clark. Thrasnaigh siad seo na [[Sléibhte Creagacha]] sa bhliain 1805 agus lean siad an Abhainn Snake siar go dtí an cósta. Threisigh na Briotanaigh, áfach, a n-éileamh acusan ar an réigiún idir 1807 agus 1811 mar gheall ar an taiscéalaíocht a rinne David Thompson, Ceanadach, ann.
 
Chuir na Briotanaigh agus na Meiriceánaigh lonnaíochtaí ar siúl, mar shampla Spokane House, bunaithe ag an North West Company in oirthear Washington sa bhliain 1810, agus Fort Okanogan, bunaithe ag comhlacht [[John Jacob Astor]], an bhliain ina dhiaidh sin. Trádáil i bhfionnaidh a bhí i gceist sa dá chás. Ní raibh an dá thír ábalta teorainn a shocrú sa limistéir taobh thiar de na Sléibhte Creagacha, ach sa bhliain 1818 síníodh conradh eatarthu ag(Conbhinsiún Angla-Mheireacánach na bliana 1818),a thug cead do shaoránaigh Bhriotanacha agus Mheiriceánacha araon a bheith gníomhúil ann. Críoch Oregon an t-ainm a bhí ar an limistéir úd. D'éirigh an Spáinn as a cearta sa réigiún sa bhliain 1819.
 
==Bailte agus cathracha==