An difríocht idir athruithe ar: "Clóirín"

+íomhá
m (Robot: de:Chlor is a good article; athruithe cosmaideacha)
(+íomhá)
 
Ceann de na halaiginí é an clóirín, agus d'fhéadfá a rá gurb é an clóirín an [[Halaiginí|halaigin]] is tipiciúla. Nuair atá an clóirín ina dhúil aonraithe, [[móilín]]í dhá adamh (Cl<sub>2</sub>) atá ann. Cosúil leis na halaiginí eile, tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an gclóirín, agus é fonnmhar dul i gcomhdhúile le dúile eile le leictreon breise a fháil ar iasacht uathu, ionas go mbainfidh sé amach [[Riail an ochtréid|ochtréad iomlán]]. Dúil leictridhiúltach atá ann, is é sin, is dual dó lucht diúltach a ghlacadh nuair a rachaidh sé i g[[comhdhúil]] le dúile eile. Níl ach an ocsaigin agus an fluairín níos leictridhiúltaí ná é. Ocsaídeoir láidir atá ann, agus is féidir úsáid a bhaint as mar fhrithsheipteán - is é sin, maraíonn sé baictéir, víris agus frídíní eile.
[[File:Chlorine ampoule.jpg|thumb|Gáis Clóirín]]
 
Rachaidh an clóirín i gcomhdhúil leis an hidrigin le clóiríd hidrigine, HCl, a dhéanamh. Nuair a thuaslagfar an gás seo san [[uisce]], gheofar aigéad hidreaclórach - aigéad láidir tábhachtach. Is féidir glacadh le comhdhúile an chlóirín agus na miotal mar shalainn de chuid an aigéid seo. Tá an chuid is mó acu intuaslagtha san uisce, ach is eisceacht í an chlóiríd airgid nó AgCl. Le fírinne úsáidtear an níotráit airgid AgNO<sub>3</sub> mar oibreán leis an ian clóiríde a aithint: má tá clóiríd ar bith sa tuaslagán, déanfaidh sé dríodar leis an airgead ar an toirt, nuair a rachaidh na hiain chlóiríde Cl<sup>-</sup> agus na hiain airgid Ag<sup>+</sup> le chéile.
 
230

edits