An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 4 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2114480 (translate me)
Líne 13:
 
== Taisteal agus Scríbhinní ==
Sa bhliain 1963, chuir Murphy chun bóthair ar a céad turas fada ar rothar, gan a bheith ag brath ach uirthi féin ó Éirinn go dtí an India. Thug sí piostal léi in éineacht leis an trealamh eile ar bord Roz, a rothar Armstrong Cadet, agus as d'imigh sí léi tríd [[an Eoraip]] le linn ceann de na [[geimhreadh|geimhridh]] ba mheasa le blianta anuas. [[an Iúgslaiv|San Iúgslaiv]] di, thosaigh sí ag scríobh dialainne in áit a bheith ag cur litreacha abhaile. [[an Iaráin|San Iaráin]] bhí an piostal áisiúil aici agus í ag cur ruaige ar baicle gadaithe, agus bhain sí feidhm as beart a bhí “dochurtha i gcló” i stáisiún póilíní le héalú ó dhuine a raibh beartaithe aige a héigniú. Gortaíodh í ar bord bus san [[an Afganastáin|Afganastáin]] nuair a bhuail buta raidhfil í agus briseadh trí easna uirthi, ach ba bheag an mhoill uirthi sin—bhain sí ceol as dreach agus muintir na tíre, mar sin féin. Sa Phacastáin fuair sí lóistín ón ualaí (wali) deireanach na Suáite, Miangul Aurangzeb. Chuaigh sí trí shléibhte cheantar Ghilgit, ansin tríd an [[an PhuinseáibPhuinseaib]], agus sa deireadh trasna na teorann soir go [[Deilí]] san India. D’fhoilsigh an comhlacht John Murray a dialann mar ''Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle'', an chéad leabhar foilsithe dá cuid agus an leabhar ba iomráití díobh.
 
I ndiaidh Deilí a bhaint amach di, d’oibrigh Murphy go deonach le teifigh ón [[an Tibéid|Tibéid]] faoi choimirce an eagraíocht [[Save the Children]]. Chaith sí cúig mhí i gcampa teifeach i nDharamsala a bhí faoi stiúradh Tsiring Dolma, deirfiúr don [[Dalai Láma|15ú Dalai Láma]]. Ina dhiaidh sin, chuaigh sí ar a rothar trí ghleann Kullu. B’as an turas seo a tháinig an dara leabhar aici, ''Tibetan Foothold''. Ar ais san Eoraip do Murphy bhí sí páirteach i bhfeachtas bailithe airgid ar son Save the Children. Sa bhliain 1965, chuaigh sí go dtí Neipeál le hobair a dhéanamh ar mhaitheas teifeach Tibéadach i bPokhara. Scríobh sí faoi seo sa leabhar ''The Waiting Land''.