An difríocht idir athruithe ar: "An Béarla"

Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
Litriú
Líne 34:
Maidir leis an tionchar Ceilteach ar an Sean-Bhéarla, is ábhar conspóide é faoi láthair. Tá teangeolaithe áirithe, ar nós Hildegard Tristram, den bharúil go ndearna na teangeolaithe Sasanacha a bheag den tionchar seo, toisc nach raibh mórán measa acu ar an gcultúr Ceilteach ná fiú tuiscint ar na teangacha Ceilteacha. Cibé scéal é, is léir gur tháinig cuid mhaith logainmneacha Ceilteacha in úsáid sa Bhéarla i ré an tsean-Bhéarla féin.
 
An litríocht atá ar fáil i Sean-Bhéarla nó in Angla-Shacsainis, níl mórán di fágtha againn, cé go bhfuil sí níos flúirsí ná litríocht na dteangacha a labhraítí i Mór-roinn na hEorpa san am céanna. Tá laoithe laochais agus dánta Críostaí ann, agus is féidir ceathrar filí a aithint ina n-ainmneacha: an Rí Alfred féin, Caedmon, Bede, agus Cynewulf. Scríobh an Rí Alfred dánta fealsúnachta a bhí bunaithe ar smaointeachas [[Anicius Manlius Severinus Boethius|Boethius]], nó chuaigh ''De Consolatione Philosophiae'', príomhshaothar liteartha Boethius, go mór i gcion ar Alfred. Is é an dán mór úd ''[[BeowulfBéowulf]]'', áfach, an saothar Sean-Bhéarla is cáiliúla amuigh. Creidtear go bhfuil BeowulfBéowulf bunaithe ar mhianach nó chnámha scéil a tháinig as [[Críoch Lochlann]], nó tá imeachtaí an scéil suite sna tíortha Lochlannacha chomh maith.
 
=== [[Meán-Bhéarla]] ===