An difríocht idir athruithe ar: "Críocha an Iarthuaiscirt"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 31:
Bhí pobail Ionúiteacha agus Indiacha ina gcónaí ar feadh roinnt mílte bliana san áit ina bhfuil Críoch an Iarthuaiscirt anois agus ní hionann lena lán áiteanna eile i gCeanada fanann siad in a dtromlach, má's ar éigin, sa lá inniu. Tá áit thábhachtach acu i saol na críche i gcónaí.
 
Tháinig na chéad Eorpaigh do Chríoch an Iarthuaiscirt sna 1570idí ([[Martin Frobisher]]) agus sa bhliain 1610 ([[Henry Hudson]]). Má's ar éigin a leag siad a gcos ar bhruach thiar Bhá Hudson, áfach, thaispeáin siad an bealach siar agus ó thuaidh dona lán daoine eile, idir thaiscéalaithe, ghaisteoirí, agus thrádálaithe. Sa bhliain 1670, thug an Rí [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] cairt don Hudson's Bay Company (BC) ar na limistéirí timpeall bhruacha Bhá Hudson, thiar agus thoir. An chéad Eorpach a thaiscéal an chuid sin den tír a bheadh taobh istigh de theorainneacha Chríoch an Iarthuaiscirt inniu, b’shin [[Samuel Herne]]. Sa bhliain 1770, agus é fostaithe ag an HBC, thug sé a aghaidh ar na bólaí ó thuaidh ag tosnú ag [[Churchill]] (in [[Manitoba]] an lá inniu). Shroich sé béal na Abhann Coppermine sa bhliain ina dhiaidh sin; thaiscéal sé an tír timpeall [[Great Slave Lake]] ar a bhealach ar ais. Sa bhliain 1789, lean taiscéalaí Albanach darbh ainm [[Alexander Mackenzie]] abhainn a thugtar an Mackenzie uirthi inniu ó thuaidh go dtí an t[[Aigéan Artach]]. Tháinig na trádálaithe fionnaidh ar a shála, agus mar thoradh air sin fuair breis is leath de na daoine bundúchasacha bás le galair an tseandomhain.<ref>”Northwest Territories” ''Worldbook Encyclopedia'' (2014) iml. 14, lch 533.</ref>
 
Bhí an chríoch faoi ainm is a bheith faoi smacht an Hudson’s Bay Company go dtí an bhliain 1870, nuair a ghlac rialtas Thiarnas Cheanada seilbh ar na críocha úd agus cuireadh Críocha an Iarthuaiscirt orthu. Limistéar an-mhór a bhí i gceist, ó na Sléibhte Creagacha soir go dtí Leithnis Labradar san oirthear agus ó dheas in áiteanna go dtí an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Sa bhliain 1880, cuireadh na hOileáin Artacha san áireamh freisin.
 
== Geilleagar ==