An difríocht idir athruithe ar: "Críocha an Iarthuaiscirt"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 33:
Tháinig na chéad Eorpaigh do Chríoch an Iarthuaiscirt sna 1570idí ([[Martin Frobisher]]) agus sa bhliain 1610 ([[Henry Hudson]]). Má's ar éigin a leag siad a gcos ar bhruach thiar Bhá Hudson, áfach, thaispeáin siad an bealach siar agus ó thuaidh dona lán daoine eile, idir thaiscéalaithe, ghaisteoirí, agus thrádálaithe. Sa bhliain 1670, thug an Rí [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]] cairt don Hudson's Bay Company (BC) ar na limistéirí timpeall bhruacha Bhá Hudson, thiar agus thoir. An chéad Eorpach a thaiscéal an chuid sin den tír a bheadh taobh istigh de theorainneacha Chríoch an Iarthuaiscirt inniu, b’shin [[Samuel Herne]]. Sa bhliain 1770, agus é fostaithe ag an HBC, thug sé a aghaidh ar na bólaí ó thuaidh ag tosnú ag [[Churchill]] (in [[Manitoba]] an lá inniu). Shroich sé béal na Abhann Coppermine sa bhliain ina dhiaidh sin; thaiscéal sé an tír timpeall [[Great Slave Lake]] ar a bhealach ar ais. Sa bhliain 1789, lean taiscéalaí Albanach darbh ainm [[Alexander Mackenzie]] abhainn a thugtar an Mackenzie uirthi inniu ó thuaidh go dtí an t[[Aigéan Artach]]. Tháinig na trádálaithe fionnaidh ar a shála, agus mar thoradh air sin fuair breis is leath de na daoine bundúchasacha bás le galair an tseandomhain.<ref>”Northwest Territories” ''Worldbook Encyclopedia'' (2014) iml. 14, lch 533.</ref>
 
Bhí an chríoch faoi ainm is a bheith faoi smacht an Hudson’s Bay Company go dtí an bhliain 1870, nuair a ghlac rialtas Thiarnas Cheanada seilbh ar na críocha úd agus cuireadh Críocha an Iarthuaiscirt orthu. Limistéar an-mhór a bhí i gceist, ó na Sléibhte Creagacha soir go dtí Leithnis Labradar san oirthear agus ó dheas in áiteanna go dtí an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Sa bhliain 1880, cuireadh na hOileáin Artacha san áireamh freisin. Baineadh de limistéar na críche roinnt uaireanta freisin, go mór mhór nuair a cuireadh na cúigí nua ar bun ar na machairí ó dheas. Idir na blianta 1925 agus 1999, bhí 3,439,296 km2 (1,327,920 míle cearnacha) d'achar ann – níos mó ná achar [[India]]. Ar 1 d'Aibreán 1999, scaradh na trí chúigú is faide soir den chríoch agus rinneadh críoch nua, Nunavut, de.
 
== Geilleagar ==