An difríocht idir athruithe ar: "Críocha an Iarthuaiscirt"

Content deleted Content added
Líne 35:
Bhí an chríoch faoi ainm is a bheith faoi smacht an Hudson’s Bay Company go dtí an bhliain 1870, nuair a ghlac rialtas Thiarnas Cheanada seilbh ar na críocha úd agus cuireadh Críocha an Iarthuaiscirt orthu. Limistéar an-mhór a bhí i gceist, ó na Sléibhte Creagacha soir go dtí Leithnis Labradar san oirthear agus ó dheas in áiteanna go dtí an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Sa bhliain 1880, cuireadh na hOileáin Artacha san áireamh freisin. Baineadh de limistéar na críche roinnt uaireanta freisin, go mór mhór nuair a cuireadh na cúigí nua ar bun ar na machairí ó dheas. Idir na blianta 1925 agus 1999, bhí 3,439,296 km2 (1,327,920 míle cearnacha) d'achar ann – níos mó ná achar [[India]]. Ar 1 d'Aibreán 1999, scaradh na trí chúigú is faide soir den chríoch agus rinneadh críoch nua, Nunavut, de.
 
Siar sa bhliain 1877, rinne rialtas Chríocha an Iarthuaiscirt teanga oifigiúil den Fhraincis in éineacht leis an mBéarla, cé nach raibh cainteoirí [[Fraincis]]e líonmhar ariamh ann. Chuir sé sin tús le díospóireacht a d'éirigh searbh uaireanta agus sa bhliain 1892 baineadh an stádas oifigiúil den Fhraincis. Sna 1980idí luatha, chuir rialtas feidearálach Cheanada brú ar pharlaimint na críche an Fhraincis a dhéanamh oifigiúil arís, agus thosaigh na seanargóintí arís. Bhí an bua ag an rialtas náisiúnta an uair seo. D'éiligh lucht na Chéad Náisiún (.i., na bundúchasaigh), áfach, na cearta céanna dona dteangacha féin, rud a fuair siad. Is iad na naoi dteangacha atá oifigiúil i gCríocha an Iarthuaiscirt inniu ná Béarla, FraincisChipewyan, Cree, Dogrib (Tłįchǫ), Fraincis, Gwich'in, Inuinnaqtun, [[Inuktitut]], Inuvialuktun, Slavey Thuaidh, agus Slavey Theas.
 
[[Íomhá:Snow removal in yellowknife.jpg|mion|clé|Sneachta á bhaint de phríomhshráid Yellowknife]]