An difríocht idir athruithe ar: "Críocha an Iarthuaiscirt"
Content deleted Content added
Líne 35:
Bhí an chríoch faoi ainm is a bheith faoi smacht an Hudson’s Bay Company go dtí an bhliain 1870, nuair a ghlac rialtas Thiarnas Cheanada seilbh ar na críocha úd agus cuireadh Críocha an Iarthuaiscirt orthu. Limistéar an-mhór a bhí i gceist, ó na Sléibhte Creagacha soir go dtí Leithnis Labradar san oirthear agus ó dheas in áiteanna go dtí an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Sa bhliain 1880, cuireadh na hOileáin Artacha san áireamh freisin. Baineadh de limistéar na críche roinnt uaireanta freisin, go mór mhór nuair a cuireadh na cúigí nua ar bun ar na machairí ó dheas. Idir na blianta 1925 agus 1999, bhí 3,439,296 km2 (1,327,920 míle cearnacha) d'achar ann – níos mó ná achar [[India]]. Ar 1 d'Aibreán 1999, scaradh na trí chúigú is faide soir den chríoch agus rinneadh críoch nua, Nunavut, de.
[[Íomhá:Snow removal in yellowknife.jpg|mion|clé|Sneachta á bhaint de phríomhshráid Yellowknife]]
Tógadh aerpháirceanna chomh maith le calafoirt ar an Abhainn McKenzie mar chuid den iarracht le iarthuaisceart na mór-roinne a chosaint ó na [[An tSeapáin|Seapánaigh]] sa [[Dara Cogadh Domhanda]] agus ghlac an rialtas Ceanadach freagracht as baint an [[raidiam]] agus [[úráiniam]]. Níor tháinig aon laghdú ar thábhacht straitéiseach na Chríocha an Iarthuaiscirt i ndiaidh an bhua ar na Seapánaigh mar tháinig [[an Cogadh Fuar]] ina áit. Rinneadh baint na n-acmainní nádúrtha a fhorbairt go mór ó na 1950idí go dtí an lá inniu.
Sna 1950idí freisin shocraigh rialtas Cheanada ar na Bundúchasaigh a chur óna dtailte agus a stíleanna beatha traidisiúnta. Cuireadh scéimeanna títhíochta, sláinte, oideachais, srl. ar siúl ach ba bheag an obair a bhí ar fáil dóibh agus an ba mhór an t-athrú óna a seansaol. Chuir sé sin isteach go mór ar na Bundúchasaigh ar bhealach pearsanta, cultúrtha, eacnamaíoch agus eile.
== Geilleagar ==
|