An difríocht idir athruithe ar: "Michael Jackson"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 14:
In éineacht lena chuid deartháireacha bhain sé amach an chéad chlú chomh fada siar leis an mbliain 1964, nuair a bhí sé ag amhránaíocht sa cheolfhoireann ''The Jackson Five''. Ina dhiaidh sin, i dtús na seachtóidí, thosaigh sé ag amhránaíocht ina aonar. An t-albam úd ''Thriller'' a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1982, níor sháraigh aon albam é ar an tsuim airgid a shaothraigh sé don amhránaí. Albaim mhór-ratha eile iad ''Off the Wall'' ón mbliain 1979, ''Bad'' ón mbliain 1987, ''Dangerous'' ón mbliain 1991, agus ''HIStory'' ón mbliain 1995.
 
Ceann de na gaiscí móra dárar éirigh leis a dhéanamh is ea é gur chuir sé athrú cuma ar fad ar na físeáin cheoil. Ar dtús, ní raibh iontu ach cleas promóisin don cheol féin, ach rinne Michael Jackson saothair ealaíne iontu féin díobh. Leis na físeáin a rinne sé do na hamhráin úd ''Billie Jean'', ''Beat It'', agus ''Thriller'', bhí sé in ann lucht mór féachana a bhaint amach asi measc daoine nárbh ionann a dtoighis cheoil. Lena chuid físeán agus lena geáitsí stáitse bhí sé ábalta teicníochtaí úra damhsa a chur ar fud an domhain, ar nós "siúl na gealaí" (an ''moonwalk'') agus "siúl an róbait" (an ''robot''). Leis an gcineál ceoil a dhéanadh sé agus lena chuid damhsa, bhí sé in ann draíocht a chur ar dhaoine nárbh ionann a n-aois, dath a gcraicinn ná a gcúlra cultúrtha, agus thug sé spreagadh dá lán ceoltóirí agus siamsóirí éagsúla.
 
Bronnadh a lán duaiseanna air lá a shaoil. Mar shampla, bhain sé amach an ''Grammy'' cúig uaire déag. Thug sé uaidh cuid mhór de na milliúin dollair a shaothraigh a chuid ceoil dó, le cúiseanna uaisle daonnúla a chur chun cinn.