An difríocht idir athruithe ar: "Michael Jackson"

no edit summary
| síniú = [[Íomhá:Michael Jackson signature.svg|120px]]
}}
[[Amhránaí]], [[ceoltóir]] agus cumadóir [[popamhrán]] a bhí i '''Michael Joseph Jackson''' a tháinig chun saoilrugadh i nGary, Indiana ar an [[29 Lúnasa]] [[1958]] agus a cailleadh i Los Angeles ar an [[25 Meitheamh]] [[2009]]. Thugtaí "Rí an Phopcheoil" air le fada, agus áirítear ar na healaíontóirí popchultúir is mó ratha, ráchairte agus tionchair é i stair an phopcheoil. D'fhág sé a lorg ar an bhfaisean agus ar an damhsa chomh maith leis an bpopcheol féin, agus bhí a shaol príobháideach féin i mbéal an phobail ar feadh breis is dhá scór bliain.
 
In éineacht lena chuid deartháireacha bhain sé amach an chéad chlú chomh fada siar leis an mbliain 1964, nuair a bhí sé ag amhránaíocht sa cheolfhoireann ''The Jackson Five''. Ina dhiaidh sin, i dtús na seachtóidí, thosaigh sé ag amhránaíocht ina aonar. An t-albam úd ''Thriller'' a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1982, níor sháraigh aon albam é ar an tsuim airgid a shaothraigh sé don amhránaí. Albaim mhór-ratha eile iad ''Off the Wall'' ón mbliain 1979, ''Bad'' ón mbliain 1987, ''Dangerous'' ón mbliain 1991, agus ''HIStory'' ón mbliain 1995.