An difríocht idir athruithe ar: "Michael Jackson"

no edit summary
Ceann de na gaiscí móra ar éirigh leis a dhéanamh is ea é gur athraigh sé cuma na bhfíseán ceoil. Ar dtús, ní raibh iontu ach cleas promóisin don cheol féin, ach rinne Michael Jackson saothair ealaíne iontu féin díobh. Leis na físeáin a rinne sé do na hamhráin úd ''Billie Jean'', ''Beat It'', agus ''Thriller'', bhí sé in ann lucht mór féachana a bhaint amach i measc daoine nárbh ionann a dtoighis cheoil. Lena chuid físeán agus lena geáitsí stáitse bhí sé ábalta teicníochtaí úra damhsa a chur ar fud an domhain, ar nós "siúl na gealaí" (an ''moonwalk'') agus "siúl an róbait" (an ''robot''). Leis an gcineál ceoil a dhéanadh sé agus lena chuid damhsa, bhí sé in ann draíocht a chur ar dhaoine nárbh ionann a n-aois, dath a gcraicinn ná a gcúlra cultúrtha, agus thug sé spreagadh dá lán ceoltóirí agus siamsóirí éagsúla.
 
Bronnadh a lán duaiseanna air lá a shaoil. Mar shampla, bhain sé amach an ''Grammy'' cúig uaire déag. Thug sé uaidh cuid mhór de na milliúin dollair a shaothraigh a chuid ceoil dó, le cúiseanna uaisle daonnúla a chur chun cinn.
 
Bhí saol pearsanta Jackson ina chúis conspóide thar na blianta, áfach. Chuaigh sé faoi scian an mháinlia phlaistigh go minic lena chosúlacht a dhéanamh níos óigeanta, ach ní dhearna an sceanairt seo mórán maitheasa dó, agus chuir na meáin agus lucht a adhartha araon cron san athrú a bhí ag teacht air de dheasca na síorlansóireachta seo. Sa bhliain 1993, cuireadh ina leith go raibh sé ag tabhairt drochíde ghnéis do bhuachaill óg a raibh sé cairdiúil leis, agus ní bhfuair sé éigiontú ach dhá bhliain déag ina dhiaidh sin. Phós sé faoi dhó, an chéad uair sa bhliain 1994 agus an dara huair sa bhliain 1996, agus thug sé suas triúr clainne. Bhí sé ag ullmhú camchuairt dhomhanda nua, ''This Is It'', nuair a fuair sé bás le taom croí. De réir na dtuairiscí, bhí sé faoi thionchar drugaí ar nós própafól agus lórazapam, agus is é an breithiúnas a thug cróinéir Chontae Los Angeles ar an scéal gur dúnbhású a bhí i gceist - dúnorgain nó dúnmharú.
 
{{glanadh}}