An difríocht idir athruithe ar: "Máire Mhic Giolla Íosa"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 20:
 
== Saol ==
Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in [[Ard Eoin]] i m[[Béal Feirste]] ar an [[27 Meitheamh]], [[1951]], an duine is sine de naonúr clainne: ba í an chéad uachtarán a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann. Is Caitliceach í. Bhí [[na Trioblóidí]] faoi lán seoil agus í ag fás aníos, agus chuir dílseoirí iachall ar mhuintir Uí Lionnacháin ceantar Ard Eoin a fhágáil. Bhain Máire céim le dlí amach ó [[Ollscoil na Ríona]] i mBéal Feirste sa bhliain [[1973]] agus glaodh chun [[Barra Thuaisceart Éireann]] í sa bhliain [[1974]]. Sa bhliain [[1975]], ceapadh í mar Ollamh Reid le [[Dlí Coiriúil]], [[Coireolaíocht]] agus [[Pionóseolaíocht]] i g[[Coláiste na Tríonóide]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Sa bhliain [[1976]] phós sí an [[Dr. Máirtín Mac GhiollaGiolla Íosa]], cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh sa bhliain [[1982]] agus cúpla, Justin agus SaraMai, a rugadh sa bhliain [[1985]].
 
D'fhill sí ar Ollscoil na Ríona sa bhliain [[1987]] nuair a ceapadh í mar Stiúrthóir ar [[Institiúid an Léinn Dlí Ghairmiúil]]. Bhí sí ina hiarrthóir d'[[Fhianna Fáil]] in olltoghcán 1987, ach níor toghadh í. Sa bhliain [[1994]], ceapadh í mar an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná riamh ar Ollscoil na Ríona Béal Feirste.
Líne 27:
 
== A cuid uachtaránachta ==
Sa bhliain 1997 bhuail Máire Mhic Giolla Íosa iar-[[Taoiseach|Thaoiseach]] [[Ailbhe Mac Raghnaill]] agus roghnaíodh mar iarrthóir [[Fianna Fáil|Fhianna Fáil]] don Uachtaránacht í. Toghadh í mar uachtarán sa bhliain 1997. Ar 11 Samhain insealbhaíodh Máire Mhic GhiollaGiolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Tháinig sí i gcomharbas ar Mháire Mhic Roibín. "Droichid a thogáil" an téama a bhain lena huachtaránacht dar léi.
 
Átoghadh Máire Mhic Giolla Íosa ar an 1 Deireadh Fómhair 2004: ba í an t-aon iarrthóir a bhí ainmnithe go bailí.