An difríocht idir athruithe ar: "Críocha an Iarthuaiscirt"
Content deleted Content added
No edit summary |
→Stair: iomhá |
||
Líne 38:
Bhí pobail Ionúiteacha agus Indiacha ina gcónaí ar feadh roinnt mílte bliana san áit ina bhfuil Críoch an Iarthuaiscirt anois agus ní hionann lena lán áiteanna eile i gCeanada fanann siad in a dtromlach, má's ar éigin, sa lá inniu. Tá áit thábhachtach acu i saol na críche i gcónaí.
Tháinig na chéad Eorpaigh
[[Íomhá:Wekweeti.jpg|mion|clé|Wekweeti, baile beag i gCríocha an Iarthuaiscirt]]
Bhí an chríoch faoi ainm is a bheith faoi smacht an Hudson’s Bay Company go dtí an bhliain 1870, nuair a ghlac rialtas Thiarnas Cheanada seilbh ar na críocha úd agus cuireadh Críocha an Iarthuaiscirt orthu. Limistéar an-mhór a bhí i gceist, ó na Sléibhte Creagacha soir go dtí Leithnis Labradar san oirthear agus ó dheas in áiteanna go dtí
Thiar sa bhliain 1877, rinne rialtas Chríocha an Iarthuaiscirt teanga oifigiúil den Fhraincis in éineacht leis an mBéarla, cé nach raibh cainteoirí [[Fraincis]]e líonmhar ariamh ann. Chuir sé sin tús le díospóireacht a d'éirigh searbh uaireanta agus sa bhliain 1892 baineadh an stádas oifigiúil den Fhraincis. Sna 1980idí luatha, chuir rialtas feidearálach Cheanada brú ar pharlaimint na críche an Fhraincis a dhéanamh oifigiúil arís, agus thosaigh na seanargóintí arís. Bhí an bua ag an rialtas náisiúnta an uair seo. D'éiligh lucht na Chéad Náisiún (.i., na bundúchasaigh), áfach, na cearta céanna dona dteangacha féin, rud a fuair siad. Tá 11 teanga oifigiúil i gCríocha an Iarthuaiscirt inniu, mar atá Béarla, Chipewyan, Cree, Dogrib (Tłįchǫ), Fraincis, Gwich'in, Inuinnaqtun, [[Inuktitut]], Inuvialuktun, Slavey Thuaidh, agus Slavey Theas.
|