An difríocht idir athruithe ar: "Rihanna"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 20:
 
== Gairme ==
==== 2003–06: Gairme Luath ===
Sa bhliain 2003, agus í 15 bliana d’aois, cuireadh Rihanna in aithne don léiritheoir ceoil Evan Rogers, a chabhraigh léi dlúthdhiosca samplach a thaifeadadh. Chuala [[Jay-Z]], uachtarán na cuideachta Def Jam Records, an dlúthdhiosca samplach agus thug sé cuireadh di éisteacht a dhéanamh lena chuideachta. Rinne Jay-Z tairiscint di láithreach tar éis na héisteachta, agus shínigh sí conradh le Def Jam Records.<ref name="people"/>
 
Line 30 ⟶ 31:
Chaith Rihanna roinnt mhaith ama sa stiúideo taifeadta le leithéidí Ne-Yo, Stargate agus Timbaland chun a tríú halbam, ''[[Good Girl Gone Bad]]'' a thaifeadadh. Eisíodh an t-albam seo ar an 5 Meitheamh 2007. D’éirigh léi barr na gcairteacha a bhaint amach le hocht singil éagsúla ón albam seo, na singlí cáiliúla ''[[Umbrella]]'', ''[[Don’t Stop The Music]]'' agus ''[[Take a Bow]]'' ina measc. Chomh maith le barr na gcairteacha a bhaint amach in iliomad tíortha leis an tsingil ''Umbrella'', chaith an tsingil seo deich seachtaine as a chéile ag barr na gcairteacha sa [[Ríocht Aontaithe]], éacht nár baineadh amach ón uair a chaith ''[[Wet Wet Wet]]'' 15 seachtaine ag barr na gcairteacha leis an tsingil ''Love Is All Around'' sa bhliain 1994.
 
=== 2007–09: ''Good Girl Gone Bad'' agus ''Rated R'' ===
Le hatheisiúint a tríú halbam, ''Good Girl Gone Bad'', a eisíodh ar an 17 Meitheamh 2008, eisíodh an singil ''Take a Bow'', a bhain barr na gcairteacha amach timpeall na cruinne, chomh maith le hamhrán a eisíodh i gcomhar le Maroon 5, ''[[If I Never See Your Face Again]]'' agus an t-amhrán ''[[Disturbia]]'' a bhain barr na gcairteacha amach i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá os cionn dhá mhilliún cóip den albam seo díolta sna Stáit Aontaithe, agus bronnadh gradam platanaim an RIAA ar Rihanna faoi dhó de bharr an t-éacht sin a bhaint amach.