An difríocht idir athruithe ar: "An Páirtí Aontachtach Forásach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is páirtí polaitiúil beag i dTuaisceart Éireann é an '''Páirtí Aontachtach Forásach''' ''(Béarla: Progressive Unionist Party nó PUP)''. Is as an nGrúpa A...'
(No difference)

Leagan ó 22:54, 28 Deireadh Fómhair 2014

Is páirtí polaitiúil beag i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Forásach (Béarla: Progressive Unionist Party nó PUP). Is as an nGrúpa Aontachtach Neamhspleách (Béarla: Independent Unionist Group) a bhí ag feidhmiú i gceantar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste a tháinig an páirtí. Tá nasc ag an bpáirtí le Óglaigh Uladh agus le Comanlach na Láimhe Deirge. Ba é an t-aon pháirtí aontachtach ar an eite chlé ar feadh tamaill agus is iad na ceantracha dílseacha i mBéal Feirste is mó a thacaíonn leis an bpáirtí.

Ceannairí an Pháirtí

Ceannaire Ó Go
1 Hugh Smyth 1979 2002
2 David Ervine 2002 2007
3 Dawn Purvis 2007 2010
4 Brian Ervine 2010 2011
5 Billy Hutchinson 2011 -

Stair

Toghadh ionadaithe ón bpáirtí ó am go h-am.

Ceapadh ceannaire an pháirtí, Hugh Smyth, mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste sa bhliain 1994.

Toghadh beirt (Hugh Smyth agus David Ervine) d'Fhóram Thuaisceart Éireann sa bhliain 1996.

Thacaigh an páirtí le Comhaontú Aoine an Chéasta agus toghadh Billy Hutchinson agus David Ervine i dtoghchán do Thionól Thuaisceart Éireann sa bhliain 1998. Cailleadh suíochán Hutchinson sa chéad toghchán eile (2003). Fuair David Ervine bás go luath sa bhliain 2007 ach choimeád an páirtí an suíochán i dtoghchán 2007. Níor toghadh éinne ón bpáirtí i dtoghchán 2011.

Naisc