An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Irish potato famine Bridget O'Donnel.jpg|200px|deas|thumb|Bríd Uí Dhonaill agus a bheirt pháistí i rith an Ghorta.]]
 
Is é '''an Drochshaol''' nó '''Gorta Mór na hÉireann''' an gorta a bhuail [[Éire]] ón mbliain [[1845]] ar aghaidh agus a mharaigh is a ruaig as an tír cupla milliún Éireannach. Tháinig galar dubh – an [[fungas]] úd ''Phytophora infestans'' – ar na [[prátaphráta]]í ar fud na hÉireann, agus ó bhí formhór mór na ndaoine bochta i dtuilleamaí an phráta mar bhia, fuair na sluaite acu bás. An t-éag mór seo agus an imirce millteanach a lean é, scrios siad na struchtúir shóisialta a bhí ina gcrann taca don [[An Ghaeilge|Ghaeilge]] go dtí sin, agus dá thoradh sin, thosaigh an teanga ag cúlú go dtí nach raibh ach iarsmaí beaga fágtha di sna Gaeltachtaí ar chósta thiar na tíre. Ní raibh na húdaráis fonnmhar bia a sholáthar do lucht an ocrais, rud a mhéadaigh ar an ngéarchéim.
 
Is é an chiall a bhain na [[Náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaithe Éireannacha]] as an scéal ina dhiaidh sin ná go raibh na [[Sasana]]igh d'aon ogham ag féachaint leis na hÉireannaigh a chur de dhroim an tsaoil. Sin é an tuige gurb iomaí duine a thugann '''[[Uileloscadh]] na nGael''' ar an Drochshaol freisin. Is dócha, áfach, gur mhó an líon daoine a fuair bás de dheasca [[Gorta Éireannach 1740 – 1741|ghorta mhór na mblianta 1740 agus 1741 ("Bliain an Áir")]].