An difríocht idir athruithe ar: "Cory Booker"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 3:
 
==Óige agus oideachas==
Rugadh Cory Booker in [[Washington, D.C.]] agus tógadh é in Harrington Park, New Jersey, 32 ciliméadar ó thuaidh ó Newark. Bhí a thuismitheoirí, Carolyn Rose (née Jordan) agus Cary Alfred Booker, ar na chéad Afra-Mheiriceánaigh ar feidhmeannaigh ag [[IBM]] iad. Rinne Cory a chuid meánscolaíochta ag an gcoláiste ''Northern Valley Regional'' in Old Tappan agus sa bhliain 1986 d'ainmnigh an nuachtán ''USA Today''' é mar bhall d'Fhoireann Peile Meánscoile Uile-Mheiriceánach.
 
Ansin chuaigh Booker go h[[Ollscoil Stanford]], mar a bhfuair sé céim baitsiléara (BA) in eolaíocht pholaitiúil sa bhliain 1991 agus máistreas (MA) i seocheolaíocht an bhliain ina dhiaidh. Agus é ag déanamh staidéir ag Stanford, d'imir Booker peil Mheiriceánach na hollscoile úd.
 
Bronnadh scoláireacht Rhodes ar Booker agus rinne sé staidéar ag Coláiste na Banrína ag [[Ollscoil Oxford]]. Tá suim faoi leith aige sa [[Torah]]<ref>{{En}} [http://www.bbc.co.uk/news/magazine-24124710|teideal=Cory Booker and me, alt ag an [[BBC]], 17 D.F. 2013]</ref>.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==