An difríocht idir athruithe ar: "Ceres (abhacphláinéad)"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[AbhacphláinéadMionphláinéad]] is ea í '''Ceres''', nó ''1 Ceres'', mar a thugtaí uirthi nuair ba nós í a áireamh ar ceann de na hastaróidigh. Tá sí ag timpeallú na Gréine laistigh den [[Crios astaróideach|phríomhchrios astaróideach]], idir [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]] agus [[Mars (pláinéad)|Mars]], agus is í an réad is mó sa chrios sin. Tá si 950 [[ciliméadar]] ar [[trastomhas]], agus í beagnach sféarúil (ar déanamh liathróide), murab ionann agus an chuid is mó de na hastaróidigh, agus mar sin, tá sí níos cosúla le pláinéad beag ná le gnáthastaróideach. Le fírinne, is i measc ghealacha Shatarn is mó a bheadh súil agat le Ceres, ó thaobh na méide de ar a laghad. Tá sí beagáinín níos lú ná míle ciliméadar ar trastomhas, agus mar sin, tá sí beagáinín níos lú ná [[Tethys]] agus [[Dione]], ach níos mó ná [[Mimas]] agus [[Enceladus]].
 
Bhí sé ina ábhar diospóireachta ag Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta, ar chóir dóibh Ceres agus na réada is mó i gCrios Kuiper a athaicmiú mar phláinéid, ó ghlactaí le Plútón mar phláinéad freisin. Sa deireadh thiar, bhí siad sásta catagóir an [[AbhacphláinéadMionphláinéad|abhacphláinéidmionphláinéid]] a bhunú le haghaidh réada "idir eatarthu" mar seo.
 
Ba é an réalteolaí Iodálach [[Giuseppe Piazzi]] a chuir an chéad sonrú riamh in Ceres, ar an gcéad lá de Mhí Eanáir sa bhliain [[1801]].
Líne 11:
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:AbhacphláinéidMionphláinéid]]
 
{{Link GA|de}}