An difríocht idir athruithe ar: "Plútón (abhacphláinéad)"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Plútón.jpg|thumb|Plútón]]
 
[[AbhacphláinéadMionphláinéad]] is ea '''Plútón''' atá suite ar imeall an [[grianchóras|ghrianchórais]]. Ó [[1930]] go [[2006]], thugadh [[an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] (ARI) agus na gnáthdaoine [[pláinéad]] air, ach athraíodh an cinneadh sin i mí Lúnasa [[2006]], ós rud é go bhfuil reanna neimhe sonraithe i g[[Crios Kuiper]] taobh thiar de atá ar aon mhéid leis. (Sa bhliain 2005, thángthas ar réad de chuid Kuiper, [[2003 UB313|2003 UB<sub>313</i>]], atá níos mó ná Plútón.) Mar sin, is féidir nach bhfuil i gceist le Plútón ach an ceann is cóngaraí dúinn de reanna an chreasa seo. Tá Plútón ag timpeallú na [[Grian|Gréine]] ar fhithis atá an-difriúil le fithisí na ngnáthphláinéad. Fithis an-chlaonta, an-éalárnach í. Mar sin, siúd is go raibh sé de nós ag na daoine a shíleadh gurb é Plútón an pláinéad is faide ón nGrian, chaith sé na blianta [[1979]]-[[1999]] taobh istigh d'fhithis [[Neiptiún (pláinéad)|Neiptiúin]]. Sa bhliain 1978, cuireadh an chéad sonrú i satailít Phlútóin, [[Carón]]. Tugadh dhá ghealach níos lú faoi deara sa bhliain [[2005]], mar atá, [[Nix]] agus [[Hydra]]. Déanta na fírinne, níl sé furasta a rá, ach an oiread, an "satailít" é Carón dháiríre. B'fhearr a rá gur córas [[Imtharraingt|imtharraingthe]] iad Plútón agus Carón in éineacht, agus go bhfuil an bheirt acu ag timpeallú [[meáchanlár]] an chórais sin. Tá an meáchanlár sin suite in aice le Plútón, ach níl sé taobh istigh de.
 
Go dtí seo, níor thug aon spásárthach nó spástaiscéalaí cuairt ar Phlútón. Tiocfaidh athrú air seo sa bhliain 2015, má éiríonn leis an taiscéalaí úd [[New Horizons]], a scaoileadh chun siúil ó lárionad spáis Cape Canaveral ar an 19ú lá de Mhí Eanáir, 2006, eitilt thart le Plútón de réir na bpleananna.
Líne 140:
{{Grianchóras}}
 
[[Catagóir:AbhacphláinéidMionphláinéid]]
[[Catagóir:Plútón|*]]