Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '== Fáilte == Haigh, a Ghaelmise, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a sheoladh isteach. Tá súil agam go mbainf...'
 
No edit summary
Líne 4:
Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 20:33, 1 Deireadh Fómhair 2014 (UTC)
 
==Abhacphláinéad vs. mionphláinéad==
Haigh, a Ghaelmise! Chonaic mé an iomaí athrú a rinne tú inniu ag tosnú le [[Plé:Eris (abhacphláinéad)]]. Seo a scríobh tú ar an leathanach úd:
 
:Abhac - Dwarf.
:Easaontím le úsáid Abhac i gcomhair 'Dwarf' san comhthéacs seo. Is ag cloí leis an focal sa Bhéarla seachas an brí atá ag dul leis atá sé. Mura raibh fhios agat go mbíonn 'Dwarf' in úsáid i mBéarla chun cur síos a dhéanamh ar rud éigin atá beag, ní bheadh ciall leis an phrása.
:Molaim 'Mionphláinéad' a úsaid ina áit.
 
Tuigim má’s fearr leat “mionphláinéad”. Ní aontaím leat nach ndéanann “abhac” (ná “fathach” ach oiread, is dócha) ciall i nGaeilge i gcásanna mar seo. Tá sé sothuigthe agus tá samhlaíocht bheo ann. Ní hé seo an áit, áfach, leis an cheist sin a phlé. Níl cead againn ár gcuid téarmaí féin a chumadh anseo.
 
Níl aon údaras le “mionphláinéad” go bhfios domh. Úsáidear an téarma ó am go ham i gcomhar “asteroid” – sin atá i bhfoclóir Uí Dhónaill, mar shampla. (Ní thaitníonn sé sin liomsa agus tá súil agam gur thig linn an téarma a sheachaint! Tá “astaróideach”, aidiacht, in úsáid.) B’fhéidir go bhfuil téacsleabhair nó eile amuigh ansin ina bhfuil ''mionphláinéad'' ar “dwarf planet” ach d’ámharc mé ar achan acmhainn atá ar fáil agamsa agus níor tháinig mé ar oiread is cás amháin de.
 
“Abhacphláinéad” atá i ngach áit. Sin a thugann Foclóir.ie i gcomhar “dwarf” i gcónaí má’s réalteolaíocht atá i gceist. Mar shampla, abhac-Cheifid (dwarf Ceiphid). Agus é seo: fo-abhac (subdwarf). (Uaireanta is é an aidiacht ''abhcach'' a thugann siad.)
 
Nuair a scrios tú “abhacphlainéad” de Vicipéid, thug mé fá deara, scrios tú téacs a scríobh beirt arbh’fhéidir linn a ghlacadh mar scríbhneoirí údarásacha, mar atá Matt Hussy (in [[Nóva]], sílim) agus Panu Hogland.
 
Dar liom féin, caithfidh muid do chuid athruithe a chealú. Molaim do dhíograis ach sin is cúis lena lán oibre anois. Thosaigh tú ar an bhealach cheart—do bharúil a chur ar leathanach plé. Ba chóir ceist a phlé ar dtús má’s dócha go mbeadh athruithe fairsinge le déanamh agat/againn dá bharr.
[[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 04:31, 15 Samhain 2014 (UTC)