An difríocht idir athruithe ar: "Cory Booker"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 13:
 
===Méaracht Newark===
Ar 9 Eanáir 2002, in áit seasamh arís don chomhairle baile, d’fhógair Booker gurbh iarrthóir é d’oifig mhéara na cathrach. Thóg Sharpe James, méara na cathrach, feachtas garbh ina choinne ag rá nach raibh Booker “gorm go leor” le Newark a thuigbheáil.<ref>{{cite news|author=Damien Cave|url=http://www.nytimes.com/2006/05/04/nyregion/04newark.html|teideal=In a Debate of Newark Mayoral Candidates, Some Agreement and a Lot of Discord|date=May 4, 2006|work=[[New York Times]]}}</ref>Theip ar Booker ach fuair sé 47% de na vótaí.
 
Ar 11 Feabhra 2006 d’fhógair Booker arís go raibh sé ag seasamh d’oifig an mhéara i Newark. Rinne James amhlaidh ach 11 lá ní ba dhéanaí, d’éirigh sé as an toghchán le seasamh do sheanad stáit New Jersey agus ghlac Ronald Riz, cúntóir de chuid James, a áit san fheachtas méarachta. Bhailigh Booker $6 milliún dollar ar son a fheachtas féin, 25 uaire níos mó ná Riz, agus fuair sé an bua sa toghchán le 72% de na vótaí.