An difríocht idir athruithe ar: "Pláinéad"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
I nGaeilge na Gaeltachta, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal ''pláinéad'' sa chiall ''réalta'', nó tugann Muiris Ó Súilleabháin "an pláinéad beannaithe" ar an n[[Grian]]. Cé gur úsáid dheas fhileata atá ann, is léir nach bhfuil sí ag teacht le ciall an fhocail i dtéarmaíocht chruinn na réalteolaíochta. Is féidir, freisin, "pláinéad" a thabhairt ar an mí-ádh, ar an "gcat mara": an duine "a bhfuil pláinéad anuas air", nó an duine "a rugadh faoi dhrochphláinéad", is duine é nach bhfuil an saol ag éirí leis. Is dócha go bhfuil baint ag na teilgeanacha cainte leis an [[astralaíocht]].
 
Roimh Mhí Lúnasa sa bhliain 2006, ba nós leis na réalteolaithe a rá go raibh naoi bpláinéad sa [[Grianchóras|Ghrianchóras]], mar atá, [[Mearcair (pláinéad)|Mearcair]], [[Véineas]], an [[Domhan]], [[Mars]], [[Iúpatar]], [[Satarn]], [[Úránas (pláinéad)|Úránas]], [[Neiptiún]], agus [[Plútón]]. I Mí Lúnasa 2006, áfach, tháinig [[Cumann Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta]] le chéile le sainmhíniú neamhdhébhríoch a oibriú amach don phláinéad, agus ba é an sainmhíniú ba toradh don chruinniú sin ná an ceann thuasluaite. Ba é oighear an scéil, áfach, nár chomhlíon Plútón na coinníollacha. Thairis sin, tá fithis Phlútóin claonta éalárnach, ionas go gcaitheann sé tréimhse fhada dá imrothlú taobh istigh d'fhithis Neiptiúin. Cé go bhfuil fithis Phlútóin neamhghnách go leor i gcomparáid leis na pláinéid eile, tá cuid mhór réad i g[[Crios Kuiper]] agus iad ag timpeallú na Gréine ar aon choiscéim le Plútón. "[[Plúitíonó]]nna" a thugtar ar na réada seo, is é sin, "Plútóin bheaga", agus tar éis an tsaoil, níl i bPlútón féin, i ndiaidh an iomláin, ach an plúitíonó ba túisce a d'aithin na heolaithe. Ó nach dtugtar "pláinéid" ar na plúitíonónna eile ach oiread le Plútón féin, ghlac na heolaithe leis nach "pláinéad" a bhí i bPlútón ach an oiread. Cruthaíodh téarma nua, mar atá, "mionphláinéadabhacphláinéad", le tagairt do na cinn is mó de na hastaróidigh agus de réada Kuiper, cosúil le Plútón. Inniu, aithnítear Plútón, [[Ceres]], [[Makemake]], [[Eris]], agus [[Haumea]] mar mionphláinéid.
 
== Naisc sheachtracha ==