An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Gheirsí"

517 bytes added ,  9 mbliana ó shin
Content deleted Content added
Líne 53:
 
==Stair==
Tá cónaí ar dhaoine i New Jersey le 11,000 bliain nó níos mó. Ag an am ar tháinig na chéad Eorpaigh go dtí an áit, bhí drong ann le fada a thug siad Lenni-Lenape (''na chéad daoine'') orthu féin. Bhí oirthear Mheiriceá Thuaidh ar réigiúin an domhain inar forbraíodh an [[talmhaíocht]], cé gur éiriodh as cuid de na barra, leithéid an lus coise gé, nuair a tháinig saothrú na "dtrí dheirfiúracha" ([[arbhar Indiach]], [[Pónaire|pónairí]] agus [[Puimcín|puimpcíní]]) aneas ó [[Meicsiceo|Mheicsiceo]] chucu. Chleacht na hIndiaigh an t[[sealgaireacht]] freisin. Bhí na Lenape roinnte ina dtrí mhórfhine ar a thugtaí Turtar, Turcaí agus Mac Tíre. Bhí Fine an Turtair lonnaithe i dtuaisceart New Jersey.
 
Is dócha gur [[Giovanni da Verrazano]], maraí i seirbhís na [[An Fhrainc|Fraince]], an chéad Eorpach a thaiscéal cósta [[Aigéan Atlantach|Atlantach]] New Jersey. Thaiscéal [[Henry Hudson]], Sasanach i seirbhís na h[[An Ísiltír|Ísiltíre]], an cósta níos faide ó thuaidh, timpeall Bhá Sandy Hook agus suas an abhainn Hudson. Chuaigh Cornelius Mey suas an Abhainn Delaware sa bhliain 1614 agus é ag taiscéaladh son na hÍsiltíre chomh maith.
 
Trádáil fhionnaidh an bealach ba mhó a bhí teagmháil idir na Lenape agus na hOllannaigh ar dtús. Ollannach darbh ainm Pauw a chéad chuir síos i New Jersey, trasna na hAbhann Thuaidh (.i. an Hudson inniu) ó Nua-Amstardam, ar an roinn theas den oileán [[Manhattan]]. Cheannaigh sé an talamh ó hIndiaigh. B'ait leo úinéireacht talaimh ach bhí sé riail ag
[[Íomhá:Delaware Water Gap from I 80.jpg|mion|clé|Dobharbhearna an Delaware idir New Jersey (ar dheis) agus Pennsylvania (ar chlé)]]
 
Cuireadh an chéad chomarclann Indiach sna Stáit Aontaithe ar bun in Indian Mills, i lár dheisceart New Jersey, sa bhliain 1758.
 
Úsáideoir gan ainm