An difríocht idir athruithe ar: "Orhan Pamuk"

Content deleted Content added
m Robot: ka:ორჰან ფამუქი is a former featured article
→‎Saol: nasc
Líne 5:
 
== Saol ==
Saolaíodh do lánúin réasúnta saibhir é, agus chuaigh sé ar scoil Mheiriceánach in Iostanbúl, Coláiste Robert. Theastaigh óna mhuintir go rachadh sé le hinnealtóireacht nó le hailtireacht, agus chaith sé trí bliana ag staidéar ailtireachta in Ollscoil Teicneolaíochta Iostanbúl, ach níor thaitin an tslí bheatha leis, agus d'éirigh sé as an ollscoil sula raibh céim bainte amach aige. Ansin, chuaigh sé ag foghlaim iriseoireachta in Ollscoil Iostanbúl, agus an iarracht sin, níor fhág sé an cúrsa léinn gan chríochnú. Sna hochtóidí, chaith sé roinnt blianta ag léachtóireacht i [[SAM|Meiriceá]], in [[Ollscoil Columbia]] agus Ollscoil Iowa.
 
Bhí sé pósta ar Aylin Türegün ón mbliain [[1982]] ar aghaidh, ach má bhí féin, fuair an lánúin colscaradh sa bhliain [[2001]]. Saolaíodh iníon amháin dóibh, Rüya ("Brionglóid" - nó "Aisling"). Tá deartháir ag an scríbhneoir, Şevket Pamuk, atá ina staraí aithnidiúil, agus é ag léachtóireacht in Ollscoil Boğaziçi, an ollscoil is airde meas sa Tuirc.